D’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach phointe (d) de mhír 2 a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin air ag Ballstát, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 38(3) agus i gcomhréir leis pointe (d) de mhír 2 den Airteagal seo, cinneadh a ghlacadh a deir go dtagann banc ceannais faoi raon feidhme an Airteagail seo agus dá bhrí sin go bhfuil sé díolmhaithe ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Foilseoidh an Coimisiún liosta de na bainc cheannais a thagann faoi raon feidhme phointe (d) de mhír 2 den Airteagal seo.