|
+Airteagal 5 6. |
Airteagal 5 6.Féadfaidh an Coimisiún cinneadh coibhéise a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 38(3), á lua go n-áirithíonn réim dlí agus maoirseachta tríú tír go gcomhlíonann gníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá údaraithe nó cláraithe sa tríú tír sin ceanglais atá ceangailteach go dlíthiúil agus atá coibhéiseach leis na ceanglais a eascraíonn as an Rialachán seo agus atá faoi réir ag maoirseacht agus forghníomhú éifeachtach sa tríú tír sin. Féadfar réim dlí agus maoirseachta tríú tír a mheas a bheith coibhéiseach leis an Rialachán seo más rud é go gcomhlíonann an réim sin na coinníollacha seo a leanas, ar a laghad:
(a)
tá gníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá bunaithe sa tríú tír sin faoi réir ag údarú nó clárú agus tá siad faoi réir ag maoirseacht agus forghníomhú éifeachtach ar bhonn leanúnach;
(b)
tá gníomhaireachtaí rátála creidmheasa sa tríú tír sin faoi réir ag rialacha ceangailteacha dlí atá coibhéiseach leo sin atá leagtha amach in Airteagal 6 go hAirteagal 12 agus in Iarscríbhinn I, amach ó Airteagail 6a, 6b, 8a, ►M5 ————— ◄ 8c agus 11a, pointe (ba) de phointe 3 agus pointe 3a agus pointe 3b de Roinn B d’Iarscríbhinn I; agus
(c)
cuireann an réim rialúcháin sa tríú tír sin cosc ar na húdaráis maoirseachta agus ar údaráis phoiblí eile sa tríú tír sin a bheith ag cur isteach ar a bhfuil sna rátálacha creidmheasa agus na modheolaíochtaí. Chun na forbairtí sna margaí airgeadais a chur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 38a, agus faoi réir choinníollacha Airteagal 38b agus Airteagal 38c, bearta a ghlacadh chun na critéir a leagtar amach i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) den dara fomhír den mhír seo a shonrú tuilleadh nó a leasú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|