Ní dhéanfaidh an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) (ÚBE) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
11
), an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Ghairme) (ÚEÁPG) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
12
) ná ÚEUM tagairt do rátálacha creidmheasa ina gcuid treoirlínte, moltaí ná dréachtchaighdeán teicniúil i gcás ina bhféadfadh tagairtí den sórt sin bheith ina n-údar le spleáchas aonair nó le spleáchas meicníoch ar rátálacha creidmheasa ó na húdaráis inniúla, na húdaráis inniúla earnála nó na heintitis dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 4(1) nó rannpháirtithe eile sa mhargadh airgeadais. Dá réir sin, faoin 31 Nollaig 2013, déanfaidh ÚBE, ÚÁPGE agus ÚEUM, athbhreithniú ar na tagairtí uile den sórt sin do rátálacha creidmheasa sna treoirlínte agus sna moltaí atá ann agus, nuair is ábhartha, ar bhonn cás ar chás, bainfidh siad iad.