|
+Airteagal 13a 1. |
Airteagal 13a 1.Ón 10 Eanáir 2028, nuair a bheidh aon fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8(1), Airteagal 8(6) agus (7), Airteagal 8a(1) agus (3), Airteagal 10(1) agus (4), Airteagal 11(1) agus Airteagal 12 den Rialachán seo á poibliú acu, déanfaidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo an tráth céanna chun í a dhéanamh inrochtana ar ESAP. Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:
(a)
déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), den Rialachán sin;
(b)
beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:
(i)
ainmneacha uile na gníomhaireachta rátála creidmheasa lena mbaineann an fhaisnéis;
(ii)
aitheantóir eintitis dhlítheanaigh na gníomhaireachta rátála creidmheasa, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;
(iii)
méid na gníomhaireachta rátála creidmheasa de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (d), den Rialachán sin;
(iv)
an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;
(v)
léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis;
(vi)
an tír ina bhfuil oifig chláraithe na gníomhaireachta rátála creidmheasa lena mbaineann an fhaisnéis;
(vii)
earnáil nó earnálacha tionscail ghníomhaíochtaí eacnamaíocha na gníomhaireachta rátála creidmheasa lena mbaineann an fhaisnéis, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (e), den Rialachán sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|