+Airteagal 23e Rialacha nós imeachta maidir le bearta maoirseachta a dhéanamh agus maidir le fíneálacha a ghearradh
---+Airteagal 23e 1.
---+Airteagal 23e 2.
---+Airteagal 23e 3.
---+Airteagal 23e 4.
---+Airteagal 23e 5.
---+Airteagal 23e 6.
---+Airteagal 23e 7.
---+Airteagal 23e 8.
|
Airteagal 23e Rialacha nós imeachta maidir le bearta maoirseachta a dhéanamh agus maidir le fíneálacha a ghearradh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 23e 1.
|
Más rud é, le linn a dhualgais faoin Rialachán seo a chur i gcrích, go bhfaigheann ÚEUM amach go bhfuil tásca tromchúiseacha ann a léiríonn go bhféadfadh sé gurbh ann d'fhíorais ar dóigh maidir leo gurb ionann iad agus ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn III, ceapfaidh ÚEUM oifigeach neamhspleách imscrúdúcháin laistigh de ÚEUM chun an t-ábhar a imscrúdú. Ní bheidh an t-oifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach ná tar éis a bheith rannpháirteach i maoirseacht dhíreach ná neamhdhíreach, ná i bpróiseas clárúcháin, na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa lena mbaineann, agus comhlíonfaidh sé a chuid feidhmeanna go neamhspleách ar Bhord Maoirseoirí ÚEUM.
|
|
Airteagal 23e 2.
|
Déanfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin na sáruithe líomhnaithe a imscrúdú, agus aon bharúlacha arna dtíolacadh ag daoine atá faoi réir a n-imscrúduithe á gcur san áireamh agus déanfaidh sé comhad iomlán ina mbeidh a chuid cinntí a chur faoi bhráid Bhord Maoirseoirí ÚEUM. Chun a chuid cúraimí a chur i gcrích, féadfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin an chumhacht a fheidhmiú chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 23b agus chun imscrúduithe a sheoladh agus chun cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 23c agus le hAirteagal 23d. Nuair atá na cumhachtaí sin á n-úsáid aige, comhlíonfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin Airteagal 23a. Nuair atá a chuid cúraimí á gcomhall aige, beidh rochtain ag an oifigeach imscrúdúcháin ar gach doiciméad agus ar an bhfaisnéis uile atá bailithe ag ÚEUM trína ghníomhaíochtaí maoirseachta.
|
|
Airteagal 23e 3.
|
Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin a imscrúdú a chríochnú agus sula ndéanfaidh sé an comhad ina bhfuil a chuid cinntí a chur faoi bhráid Bhord Maoirseoirí ÚEUM, tabharfaidh sé deis do na daoine atá faoi réir a n-imscrúdaithe éisteacht a fháil maidir leis na hábhair atá á n-imscrúdú. Ní dhéanfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin a chuid cinntí a bhunú ar fhíorais seachas fíorais a raibh deis ag na daoine a bhí faoi réir imscrúdúcháin barúil a thabhairt ina leith. Déanfar cearta cosanta na ndaoine lena mbaineann a urramú go hiomlán le linn imscrúduithe faoin Airteagal seo.
|
|
Airteagal 23e 4.
|
Nuair a bheidh an comhad ina bhfuil a chuid cinntí a chur faoi bhráid Bhord Maoirseoirí ÚEUM ag an oifigeach imscrúdúcháin, tabharfaidh sé fógra faoin méid sin do na daoine atá faoi réir imscrúdúcháin. Beidh na daoine atá faoi réir imscrúdúcháin i dteideal rochtain a bheith acu ar an gcomhad, ach sin faoi réir an leasa dhlisteanaigh atá ag daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní shínfidh an ceart rochtana ar an gcomhad chuig faisnéis rúnda a dhéanann difear do thríú páirtithe.
|
|
Airteagal 23e 5.
|
Ar bhonn an chomhaid ina bhfuil cinntí an oifigigh imscrúdúcháin agus, arna iarraidh sin do na daoine lena mbaineann, déanfaidh Bord Maoirseoirí ÚEUM, tar éis éisteacht a thabhairt do na daoine atá faoi réir imscrúdúcháin i gcomhréir le hAirteagal 25 agus le hAirteagal 36c, a chinneadh an bhfuil ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn III déanta ag na daoine a bhí faoi réir imscrúduithe, agus más amhlaidh an cás, déanfaidh sé beart maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 24 agus gearrfaidh sé fíneáil i gcomhréir le hAirteagal 36a.
|
|
Airteagal 23e 6.
|
Ní bheidh an t-oifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach i bpléití Bhord Maoirseoirí ÚEUM ná ní dhéanfaidh sé idiragairt ar aon bhealach eile i bpróiseas cinnteoireachta Bhord Maoirseoirí ÚEUM.
|
|
Airteagal 23e 7.
|
Déanfaidh an Coimisiún rialacha nós imeachta breise a ghlacadh maidir le feidhmiú na cumhachta chun fíneálacha nó íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis a ghearradh, lena n-áirítear forálacha maidir le cearta cosanta, forálacha ama, agus fíneálacha nó íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis a bhailiú, agus déanfaidh sé rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir leis na tréimhsí teorann i dtaca le pionóis a fhorchur agus a fhorfheidhmiú. Déanfar na rialacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 38a agus faoi réir choinníollacha Airteagal 38b agus Airteagal 38c.
|
|
Airteagal 23e 8.
|
Déanfaidh ÚEUM ábhair i gcomhair ionchúisimh choiriúil a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta ábhartha más rud é, le linn a chuid dualgas faoin Rialachán seo a chur i gcrích, go bhfaigheann sé amach go bhfuil tásca tromchúiseacha ann go bhféadfadh sé gurbh ann d'fhíorais ar dóigh ina leith gurb ionann iad agus cionta coiriúla. Ina theannta sin, staonfaidh ÚEUM ó fhíneálacha nó íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis a ghearradh más rud é, maidir le héigiontú nó le ciontú roimhe sin a éiríonn as fíorais chomhionanna nó as fíorais atá comhionann lena chéile go substaintiúil, go bhfuil feidhm res judicata bainte amach aige mar thoradh ar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32009R1060
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|