+Airteagal 35a Dliteanas sibhialta
---+Airteagal 35a 1.
---+Airteagal 35a 2.
---+Airteagal 35a 3.
---+Airteagal 35a 4.
---+Airteagal 35a 5.
---+Airteagal 35a 6.
|
Airteagal 35a Dliteanas sibhialta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 35a 1.
|
I gcás ina bhfuil sárú déanta ag gníomhaireacht rátála creidmheasa d’aon ghnó nó de dheasca mórfhaillí ar sárú é atá liostaithe in Iarscríbhinn III agus a mbeidh tionchar aige ar rátáil chreidmheasa, féadfaidh infheisteoir nó eisitheoir damáistí a éileamh ón ngníomhaireacht rátála creidmheasa sin as aon damáiste a ndearnadh dóibh de bharr an tsáraithe sin. Féadfaidh infheisteoir damáistí a éileamh faoin Airteagal seo i gcás go suíonn sé gur bhrath sé le réasún, i gcomhréir le hAirteagal 5a(1), nó ar shlí eile le haird chuí, ar rátáil chreidmheasa chun cinneadh a dhéanamh i leith infheistiú in ionstraim airgeadais atá clúdaithe ag an rátáil chreidmheasa sin, nó i leith an ionstraim airgeadais sin a choinneáil nó dífheistiú uaithi. Féadfaidh eisitheoir damáistí a éileamh faoin Airteagal seo i gcás go suíonn sé go bhfuil sé féin nó a ionstraimí airgeadais clúdaithe ag an rátáil chreidmheasa sin agus nach faisnéis mhíthreorach agus mhíchruinn ba chúis leis an sárú, ar faisnéis í a chuir an t-eisitheoir ar fáil don ghníomhaireacht rátála creidmheasa, go díreach nó go hindíreach nó trí fhaisnéis atá ar fáil go poiblí.
|
|
Airteagal 35a 2.
|
Beidh freagracht ar an infheisteoir nó ar an eisitheoir faisnéis chruinn agus mhionsonraithe a chur ar aghaidh ag léiriú go ndearna an ghníomhaireacht rátála creidmheasa sárú ar an Rialachán seo agus go raibh tionchar ag an sárú sin ar an rátáil chreidmheasa a eisíodh. Déanfaidh an chúirt náisiúnta inniúil measúnú ar cad is faisnéis chruinn agus mhionsonraithe ann, ag cur san áireamh go bhféadfadh sé nach mbeadh rochtain ag an infheisteoir ná ag an eisitheoir ar fhaisnéis atá ar fáil laistigh de réimse na gníomhaireachta rátála creidmheasa amháin.
|
|
Airteagal 35a 3.
|
Ní fhéadfar dliteanas sibhialta gníomhaireachtaí rátála creidmheasa, amhail dá dtagraítear i mír 1 a theorannú roimh ré ach amháin sa chás ina bhfuil:
(a)
an teorannú sin réasúnach agus comhréireach; agus
(b)
an teorannú sin ceadaithe faoin dlí náisiúnta is infheidhme i gcomhréir le mír 4.
Maidir le haon teorainn ar dhliteanas sibhialta nach gcomhlíonfaidh an chéad fhomhír, nó maidir le heisiamh aon dliteanais shibhialta, ní bheidh aon éifeacht dhlíthiúil aige.
|
|
Airteagal 35a 4.
|
Déanfar téarmaí amhail “damáiste”, “intinn dhlíthiúil”, “mórfhaillí”, “i dtuilleamaí go réasúnach”, “aird chuí”, “tionchar”, “réasúnta” agus “comhréireacht” dá dtagraítear san Airteagal seo ach nach sainmhínítear a léiriú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme arna chinneadh le rialacha ábhartha an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh. Maidir le ceisteanna a bhaineann le dliteanas sibhialta gníomhaireachta rátála creidmheasa nach bhfuil cumhdaithe ag an Rialachán seo, déanfar iad a rialú faoi réir an dlí náisiúnta is infheidhme, arna chinneadh le rialacha ábhartha an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh. Is le rialacha ábhartha an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh a chinnfear cén chúirt atá inniúil cinneadh a dhéanamh maidir le héileamh i leith dliteanais shibhialta arna dhéanamh ag infheisteoir nó ag eisitheoir.
|
|
Airteagal 35a 5.
|
Ní eisiafar leis an Airteagal seo éilimh bhreise maidir le dliteanas sibhialta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
|
|
Airteagal 35a 6.
|
Ní choiscfidh an ceart chun sásaimh a leagtar amach san Airteagal seo ar ÚEUM a chumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 36a a fheidhmiú go hiomlán.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32009R1060
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|