+Airteagal 36a Fíneálacha
---+Airteagal 36a 1.
---+Airteagal 36a 2.
---+Airteagal 36a 3.
---+Airteagal 36a 4.
|
Airteagal 36a Fíneálacha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 36a 1.
|
Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 23e(5), go gcinneann Bord Maoirseoirí ÚEUM go ndearna gníomhaireacht rátála creidmheasa, d'aon ghnó nó le faillí, ceann de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn III, glacfaidh sé cinneadh lena bhforchuirtear fíneáil i gcomhréir le mír 2. Measfar sárú ag gníomhaireacht rátála creidmheasa a bheith déanta d’aon ghnó má thagann ÚEUM ar fhachtóirí oibiachtúla lena dtaispeántar gur ghníomhaigh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa nó a lucht bainistíochta sinsearaí d'aon turas chun an sárú a dhéanamh.
|
|
Airteagal 36a 2.
|
Déanfar méid bunúsach na bhfíneálacha dá dtagraítear i mír 1 a áireamh laistigh de na teorainneacha seo a leanas:
▼M3
(a)
maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i bpointí 1 go 5, 11 go 15, 19, 20, 23, 26a go 26d, 28, 30, 32, 33, 35, 41, 43, 50, 51 agus 55 go 62 de Roinn I d’Iarscríbhinn III, is é EUR 500 000 ar a laghad a bheidh sna fineálacha agus ní rachaidh siad thar EUR 750 000 ;
(b)
maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i bpointí 6, 7, 8, 16, 17, 18, 21, 22, 22a, 24, 25, 27, 29, 31, 34, 37 go 40, 42, 42a, 42b, 45 go 49a, 52, 53 agus 54 de Roinn I d’Iarscríbhinn III, is é EUR 300 000 ar a laghad a bheidh sna fineálacha agus ní rachaidh siad thar EUR 450 000 ;
▼M1
(c)
maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i bpointí 9, 10, 26, 36, 44 agus 53 de Roinn I d’Iarscríbhinn III, is é EUR 100 000 ar a laghad a bheidh sna fíneálacha agus ní rachaidh siad thar EUR 200 000 ;
▼M3
(d)
maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i bpointe 1, pointe 6, pointe 7, pointe 8 agus pointe 9 de Roinn II d’Iarscríbhinn III, is é EUR 50 000 ar a laghad a bheidh sna fineálacha agus ní rachaidh siad thar EUR 150 000 ;
(e)
maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i bpointe 2, pointe 3a go pointe 5 de Roinn II d’Iarscríbhinn III, is é EUR 25 000 ar a laghad a bheidh sna fineálacha agus ní rachaidh siad thar EUR 75 000 ;
▼M1
(f)
maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i bpointe 3 de Roinn II d’Iarscríbhinn III, is é EUR 10 000 ar a laghad a bheidh sna fíneálacha agus ní rachaidh siad thar EUR 50 000 ;
(g)
maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i bpointe 1 go pointe 3 agus i bpointe 11 de Roinn III d’Iarscríbhinn III, is é EUR 150 000 ar a laghad a bheidh sna fíneálacha agus ní rachaidh siad thar EUR 300 000 ;
▼M3
(h)
maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i bpointe 20a de Roinn I d’Iarscribhinn III, pointe 4 go pointe 4c, pointe 6, pointe 8 agus pointe 10 de Roinn III d’Iarscríbhinn III, is é EUR 90 000 ar a laghad a bheidh sna fineálacha agus ní rachaidh siad thar EUR 200 000 ;
▼M1
(i)
maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i bpointe 5, i bpointe 7 agus i bpointe 9 de Roinn III d’Iarscríbhinn III, is é EUR 40 000 ar a laghad a bheidh sna fíneálacha agus ní rachaidh siad thar EUR 100 000 .
Chun a chinneadh ar cheart méid bunúsach na bhfíneálacha a shocrú ag ceann íochtair, ag lár nó ag ceann uachtair na dteorainneacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, tabharfaidh ÚEUM aird ar láimhdeachas bliantúil na gníomhaireachta rátála creidmheasa lena mbaineann sa bhliain ghnó roimhe sin. Beidh an méid bunúsach ag ceann íochtair na teorann i gcás gníomhaireachtaí rátála creidmheasa ar lú a láimhdeachas bliantúil ná EUR 10 milliún, beidh sé i lár na teorann i gcás na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa a bhfuil a láimhdeachas bliantúil idir EUR 10 milliún agus EUR 50 milliún agus beidh sé ag ceann uachtair na teorann i gcás na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa ar mó a láimhdeachas bliantúil ná EUR 50 milliún.
|
|
Airteagal 36a 3.
|
Déanfar na méideanna bunúsacha, arna sainiú de réir na dteorainneacha a leagtar amach i mír 2, a choigeartú, más gá sin, trí fhachtóirí géaraitheacha nó fachtóirí maolaitheacha a chur san áireamh i gcomhréir leis na comhéifeachtaí ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn IV. Is ceann ar cheann a dhéanfar gach comhéifeacht ghéaraitheach ábhartha a chur i bhfeidhm i leith an méid bhunúsaigh. Má tá níos mó ná comhéifeacht ghéaraitheach amháin infheidhme, déanfar an difríocht idir an méid bunúsach agus an méid a bheidh ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm gach comhéifeachta géaraithí ar leith a chur leis an méid bunúsach. Is ceann ar cheann a dhéanfar gach comhéifeacht mhaolaitheach ábhartha a chur i bhfeidhm i leith an méid bhunúsaigh. Má tá níos mó ná comhéifeacht mhaolaitheach amháin infheidhme, déanfar an difríocht idir an méid bunúsach agus an méid a bheidh ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm gach comhéifeachta maolaithí ar leith a dhealú ón méid bunúsach.
|
|
Airteagal 36a 4.
|
D'ainneoin mhír 2 agus mhír 3, ní rachaidh an fhíneáil thar 20 % de láimhdeachas bliantúil na gníomhaireachta rátála creidmheasa lena mbaineann sa bhliain ghnó roimhe sin agus, i gcás ina bhfuair an ghníomhaireacht rátála creidmheasa tairbhe airgeadais go díreach nó go neamhdhíreach ón sárú, beidh an fhíneáil comhionann, ar a laghad, leis an tairbhe airgeadais sin. Más rud é, maidir le gníomh nó neamhghníomh gníomhaireachta rátála creidmheasa, go bhfuil níos mó ná sárú amháin de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn III san áireamh ann, ní bheidh feidhm ach ag an bhfíneáil is airde, ar fíneáil í a ríomhtar i gcomhréir le mír 2 agus le mír 3 agus a bhaineann le ceann amháin de na sáruithe sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32009R1060
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|