|
+IARSCRÍBHINN III |
IARSCRÍBHINN III
IARSCRÍBHINN III Liosta na sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 24(1) agus in Airteagal 36a(1) I. Sáruithe a bhaineann le coinbhleachtaí leasa, le ceanglais eagraíochtúla nó le ceanglais oibríochtúla
1.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 4(3) má thugann sí tacaíocht do rátáil chreidmheasa arna heisiúint i dtríú tír gan na coinníollacha a leagtar amach sa mhír sin a chomhlíonadh, ach amháin má tá an chúis leis an sárú sin taobh amuigh d'eolas nó de smacht na gníomhaireachta rátála creidmheasa.
2.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa an dara fomhír d'Airteagal 4(4) má bhaineann sí úsáid as tacaíocht a thugtar do rátáil chreidmheasa arna heisiúint i dtríú tír agus é de rún aici ceanglais an Rialacháin seo a sheachaint.
3.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta phointe 1 de Roinn A d'Iarscríbhinn I, más rud é nach mbunaíonn sí bord riaracháin nó bord maoirseachta.
4.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta na chéad mhíre de phointe 2 de Roinn A d'Iarscríbhinn I, más rud é nach n-áirithíonn sí nach lagaíonn a leas gnó neamhspleáchas ná cruinneas na ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa.
5.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2) i dteannta an dara mír de phointe 2 de Roinn A d'Iarscríbhinn I, má dhéanann sí lucht bainistíochta sinsearach a cheapadh nach bhfuil dea-chlú orthu, nach bhfuil dóthain scileanna ná taithí acu nó nach féidir leo bainistíocht fhónta stuama na gníomhaireachta rátála creidmheasa a áirithiú.
6.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta an tríú mír de phointe 2 de Roinn A d'Iarscríbhinn I, más rud é nach gceapann sí an líon comhaltaí neamhspleácha is gá ar a bord riaracháin nó ar a bord maoirseachta.
7.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta an ceathrú mír de phointe 2 de Roinn A d'Iarscríbhinn I, má dhéanann sí córas cúitimh do chomhaltaí neamhspleácha a boird riaracháin nó a boird maoirseachta a leagan amach, ar córas é a bhfuil nasc aige le feidhmíocht ghnó na gníomhaireachta rátála creidmheasa nó nach bhfuil socraithe d’fhonn neamhspleáchas a dtuairimí a áirithiú; nó má dhéanann sí téarma oifige is faide ná cúig bliana nó téarma oifige inathnuaite a leagan amach do chomhaltaí neamhspleácha a boird riaracháin nó a boird maoirseachta; nó má dhéanann sí comhalta neamhspleách den bhord riaracháin nó den bhord maoirseachta a dhífhostú seachas i gcás mí-iompair nó tearcfheidhmíochta gairmiúla.
8.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta an cúigiú mír de phointe 2 de Roinn A d'Iarscríbhinn I, má dhéanann sí comhaltaí nach bhfuil dóthain saineolais acu ar sheirbhísí airgeadais a cheapadh ar a bord riaracháin nó ar a bord maoirseachta; nó, i gcás ina n-eisíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa rátálacha creidmheasa ►M5 ionstraimí urrúsúcháin ◄ , mura gceapann sí comhalta neamhspleách amháin ar a laghad agus comhalta amháin eile den bhord ag a mbeidh cur amach agus taithí ghrinn ar na margaí in ionstraimí struchtúrtha airgeadais ar an leibhéal sinsearach.
9.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta an séú mír de phointe 2 de Roinn A d'Iarscríbhinn I, más rud é nach n-áirithíonn sí go gcomhlíonann comhaltaí neamhspleácha an bhoird riaracháin nó an bhoird maoirseachta na cúraimí maidir le faireachán a dhéanamh ar aon cheann de na hábhair dá dtagraítear sa séú mír den phointe sin.
10.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta an seachtú mír de phointe 2 de Roinn A d'Iarscríbhinn I, más rud é nach n-áirithíonn sí go ndéanann comhaltaí neamhspleácha an bhoird riaracháin nó an bhoird maoirseachta a dtuairimí i leith na gcúrsaí dá dtagraítear sa séú mír den phointe sin a thíolacadh don bhord go tréimhsiúil nó mura ndéanann na comhaltaí sin a dtuairimí a chur ar fáil do ÚEUM, arna iarraidh sin.
11.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta phointe 3 de Roinn A d'Iarscríbhinn I, más rud é nach mbunaíonn sí beartais nó nósanna imeachta leordhóthanacha lena áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí atá aici faoin Rialachán seo.
12.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta phointe 4 de Roinn A d’Iarscríbhinn I, i gcás nach bhfuil nósanna imeachta fónta riaracháin nó cuntasaíochta, sásraí rialaithe inmheánaigh, nósanna imeachta éifeachtacha um measúnú riosca, nó socruithe éifeachtacha rialaithe nó cosanta aici chun córais TFC a bhainistiú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2554 ; nó i gcás nach ndéanann sí nósanna imeachta cinnteoireachta nó struchtúir eagraíochtúla a chur chun feidhme agus a chothabháil, mar a cheanglaítear leis an bpointe sin.
13.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta phointe 5 de Roinn A d'Iarscríbhinn I, más rud é nach ndéanann sí roinn feidhme chomhlíonta (feidhm chomhlíonta) bhuan agus éifeachtach, agus a oibríonn go neamhspleách, a chur ar bun nó más rud é nach ndéanann sí roinn den chineál sin a chothabháil.
14.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta na chéad mhíre de phointe 6 de Roinn A d'Iarscríbhinn I, más rud é nach n-áirithíonn sí go gcomhlíontar na coinníollacha lena gcumasaítear na freagrachtaí a ghabhann leis an bhfeidhm chomhlíonta a chomhall go cuí nó go neamhspleách, mar a leagtar amach sa chéad mhír den phointe sin.
15.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta phointe 7 de Roinn A d'Iarscríbhinn I, más rud é nach mbunaíonn sí socruithe eagraíochtúla nó riaracháin atá iomchuí agus éifeachtach chun aon choinbhleachtaí leasa dá dtagraítear i bpointe 1 de Roinn B d'Iarscríbhinn I a chosc, a shainaithint, a dhíbirt nó a bhainistiú, agus a nochtadh, nó más rud é nach ndéanann sí socrú lena gcoimeádtar taifid i leith gach bagartha suntasaí ar neamhspleáchas na ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa, lena n-áirítear bagairtí suntasacha ar na rialacha maidir le hanailísithe rátála ar rialacha iad dá dtagraítear i Roinn C d'Iarscríbhinn I, mar aon leis na coimircí arna gcur i bhfeidhm chun na bagairtí sin a mhaolú.
16.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta phointe 8 de Roinn A d'Iarscríbhinn I, más rud é nach n-úsáideann sí córais iomchuí, acmhainní iomchuí nó nósanna imeachta iomchuí chun leanúnachas agus rialtacht a áirithiú maidir le comhlíonadh a cuid gníomhaíochtaí rátála creidmheasa.
17.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta phointe 9 de Roinn A d'Iarscríbhinn I, más rud é nach mbunaíonn sí feidhm athbhreithnithe:
(a)
ar feidhm í lena ngabhann freagracht as athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar a modheolaíochtaí, a samhlacha agus a príomhbhoinn tuisceana rátála, nó ar aon athruithe suntasacha nó ar aon mhodhnuithe suntasacha ar na nithe sin chomh maith le hathbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar oiriúnacht na modheolaíochtaí, na samhlacha agus na bpríomhbhonn tuisceana i gcás go mbaintear úsáid astu, nó go bhfuil sé beartaithe go mbainfí úsáid astu, chun measúnú a dhéanamh ar ionstraimí airgeadais nua;
(b)
ar feidhm í atá neamhspleách ar na línte gnó atá freagrach as gníomhaíochtaí rátála creidmheasa; nó
(c)
ar feidhm í ar dá réir a thugtar tuairiscí do chomhaltaí an bhoird riaracháin nó an bhoird maoirseachta.
18.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta phointe 10 de Roinn A d'Iarscríbhinn I, más rud é nach ndéanann sí faireachán nó meastóireacht ar leordhóthanacht agus éifeachtúlacht a cuid córas, a sásraí rialaithe inmheánaigh agus a socruithe arna mbunú i gcomhréir leis an Rialachán seo nó más rud é nach ndéanann sí bearta iomchuí a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar aon easnaimh.
19.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta phointe 1 de Roinn B d’Iarscríbhinn I, más rud é nach ndéanann sí aon choinbhleachtaí leasa iarbhír nó aon choinbhleachtaí leasa féideartha a d’fhéadfadh tionchar a fheidhmiú ar anailísí nó ar thuairimí a cuid anailísithe rátála, a cuid fostaithe, nó ar thuairimí aon duine nádúrtha eile a gcuirtear a chuid seirbhísí ar fáil don ghníomhaireacht rátála creidmheasa, nó ar seirbhísí iad atá faoina rialú, agus a bhfuil páirt dhíreach acu i ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa nó daoine a dhéanann rátálacha creidmheasa agus tuartha rátála a fhormheas, a shainaithint agus a dhíbirt nó iad a bhainistiú agus a nochtadh go soiléir nó go feiceálach.
20.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta na chéad mhíre de phointe 3 de Roinn B d’Iarscríbhinn I, má dhéanann sí rátáil chreidmheasa nó tuar rátála a eisiúint in aon cheann de na himthosca a leagtar amach sa chéad mhír den phointe sin nó, i gcás rátála creidmheasa atá ann cheana nó tuar rátála, más rud é nach nochtann sí láithreach go bhféadfadh na himthosca sin difear a dhéanamh don rátáil chreidmheasa nó don tuar rátála.
20a.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta phointe 3a de Roinn B d’Iarscríbhinn I, i gcás rátála creidmheasa atá ann cheana nó tuar rátála, más rud é nach nochtann sí láithreach go bhféadfadh aon cheann de na himthosca a leagtar amach i litir (a) agus litir (b) den phointe sin difear a dhéanamh do rátáil chreidmheasa nó do thuar rátála.
21.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta an dara mír de phointe 3 de Roinn B d’Iarscríbhinn I, mura ndéanann sí measúnú láithreach i dtaobh an bhfuil forais ann chun an rátáil chreidmheasa nó an tuar rátála atá ann cheana a athrátáil nó a tharraingt siar.
22.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta na chéad mhíre de phointe 4 de Roinn B d’Iarscríbhinn I, trí eintitis a rátáil i gcás ina bhfuil seilbh ag an ngníomhaireacht rátála creidmheasa í féin nó ag aon duine a bhfuil 5 % ar a laghad de chaipiteal nó de chearta vótála na gníomhaireachta rátála ina sheilbh go díreach nó go hindíreach aige nó atá in ann, ar shlí eile, tionchar suntasach a fheidhmiú ar ghníomhaíochtaí gnó na gníomhaireachta rátála creidmheasa, má dhéanann sí seirbhísí sainchomhairliúcháin nó comhairleacha a sholáthar don eintiteas rátáilte sin ná d’aon tríú páirtí gaolmhar maidir le struchtúr corparáideach nó dlithiúil, sócmhainní, dliteanais nó gníomhaíochtaí an eintitis rátáilte sin nó tríú páirtí gaolmhar.
22a.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6a(1) nuair a sháraíonn duine dá scairshealbhóirí nó dá comhaltaí, a bhfuil seilbh aige ar 5 % ar a laghad de chaipiteal nó de chearta vótála na gníomhaireachta rátála creidmheasa sin nó i gcuideachta atá in ann rialú nó tionchar ceannasach a fheidhmiú ar an ngníomhaireacht rátála creidmheasa sin, ceann de na toirmisc arna leagan amach i bpointí (a) go (e) den mhír sin, nó go bhfuil leas gaolmhar tríú páirtí nó leas úinéireachta eile aige san eintiteas nó sa pháirtí sin, cé is moite den toirmeasc arna leagan amach i bpointe (a) i dtaca le gabháltais i scéimeanna comhinfheistíochta éagsúlaithe lena n-áirítear cistí bainistithe amhail cistí pinsin nó árachas saoil, ar an gcoinníoll nach gcuireann na gabháltais sin ar cumas an scairshealbhóra nó an chomhalta den ghníomhaireacht rátála creidmheasa tionchar suntasach a fheidhmiú ar ghníomhaíochtaí gnó na scéimeanna sin.
23.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta na chéad choda den tríú mír de phointe 4 de Roinn B d'Iarscríbhinn I, más rud é nach n-áirithíonn sí nach bhfuil coinbhleacht leasa ann lena gníomhaíocht rátála creidmheasa de bharr seirbhís choimhdeach a sholáthar.
24.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta phointe 5 de Roinn B d'Iarscríbhinn I, más rud é nach n-áirithíonn sí nach ndéanann anailísithe rátála nó daoine a fhormheasann rátálacha tograí nó moltaí maidir le ceapadh na n- ►M5 ionstraimí urrúsúcháin ◄ ar ina leith a bhfuiltear ag súil go n-eiseoidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa rátáil chreidmheasa.
25.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta phointe 6 de Roinn B d'Iarscríbhinn I, más rud é nach gceapann sí a cuid bealaí tuairiscithe nó cumarsáide ionas go n-áiritheofar go bhfuil na daoine dá dtagraítear i bpointe 1 de Roinn B neamhspleách maidir le gníomhaíochtaí eile na gníomhaireachta rátála creidmheasa a dhéantar ar bhonn tráchtála.
26.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta an dara mír de phointe 8 de Roinn B d'Iarscríbhinn I, más rud é nach gcoimeádann sí na taifid ar feadh tréimhse trí bliana ar a laghad ón tráth a dhéantar clárúchán na gníomhaireachta sin a tharraingt siar.
26a.
An ghníomhaireacht rátála creidmheasa a chuaigh i gconradh maidir le rátálacha creidmheasa a eisiúint i leith ath-urrúsúchán nua, sáraíonn sí Airteagal 6b(1) má eisíonn sí, ar feadh tréimhse níos faide ná ceithre bliana, rátálacha creidmheasa i leith ath-urrúsúchán a bhfuil bunsócmhainní acu ón tionscnóir céanna.
26b.
Maidir leis an ngníomhaireacht rátála creidmheasa a chuaigh i gconradh maidir le rátálacha creidmheasa a eisiúint i leith ath-urrúsúchán, sáraíonn sí Airteagal 6b(3) trí dhul i gconradh nua chun rátálacha creidmheasa a eisiúint i leith ath-urrúsúchán le bunsócmhainní ón tionscnóir céanna ar feadh tréimhse ar comhfhad le fad an chonartha atá imithe in éag dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 d’Airteagal 6b, ach ar tréimhse í nach faide ná ceithre bliana.
27.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 7(1) más rud é nach n-áirithíonn sí go bhfuil eolas agus taithí iomchuí i gcomhair na ndualgas atá sannta dóibh ag anailísithe rátála, ag a cuid fostaithe agus ag aon duine nádúrtha eile a gcuirtear a chuid seirbhísí ar fáil don ghníomhaireacht rátála creidmheasa, nó a bhfuil a chuid seirbhísí faoi rialú na gníomhaireachta sin, agus ar daoine iad sin ag a bhfuil baint dhíreach le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa.
28.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 7(2) más rud é nach n-áirithíonn sí nach ndéanann aon duine dá dtagraítear in Airteagal 7(1) caibidlíocht ar tháillí nó ar íocaíochtaí a thionscnamh le haon eintiteas rátáilte, le tríú páirtí gaolmhar nó le duine ar bith ag a bhfuil nasc díreach nó neamhdhíreach leis an eintiteas rátáilte trí rialú,nó nach nglacann an duine sin páirt i gcaibidlíocht den sórt sin.
29.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 7(3), i dteannta phointe 3(a) de Roinn C d'Iarscríbhinn I, más rud é nach n-áirithíonn sí go ndéanann aon duine dá dtagraítear i bpointe 1 den Roinn sin gach beart réasúnach chun maoin nó taifid atá i seilbh na gníomhaireachta rátála creidmheasa a chosaint ar chalaois, ar ghadaíocht nó ar mhí-úsáid, agus aird á tabhairt ar chineál, ar scála agus ar chastacht a gnó agus ar chineál agus ar raon a gníomhaíochtaí rátála creidmheasa.
30.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 7(3), i dteannta phointe 5 de Roinn C d'Iarscríbhinn I, má dhéanann sí iarmhairtí diúltacha a fhorchur ar dhuine dá dtagraítear i bpointe 1 den Roinn sin i gcás ina ndéanann an duine sin faisnéis a thuairisciú don oifigeach um chomhlíonadh á rá go raibh iompar ar bun ag aon duine eile den sórt sin a mheasann sé nó sí a bheith ina iompar mídhleathach.
31.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 7(3), i dteannta phointe 6 de Roinn C d'Iarscríbhinn I, más rud é nach ndéanann sí athbhreithniú ar obair ábhartha anailísí rátála don dá bhliain sular imigh sé nó sí, i gcás ina gcuireann anailísí rátála deireadh lena fhostaíocht nó lena fostaíocht agus ina dtéann sé nó sí isteach in eintiteas rátáilte lena raibh baint ag an anailísí rátála ó thaobh rátáil chreidmheasa a dhéanamh, nó i ngnólacht airgeadais lena raibh déileálacha ag an anailísí rátála mar chuid dá dhualgais nó dá dualgais sa ghníomhaireacht rátála creidmheasa.
32.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 7(3), i dteannta phointe 1 de Roinn C d'Iarscríbhinn I, más rud é nach n-áirithíonn sí nach ndéanann duine dá dtagraítear sa phointe sin aon ionstraim airgeadais dá dtagraítear sa phointe sin a cheannach nó a dhíol nó nach ngabhann an duine sin d'idirbheart i leith ionstraime den chineál sin.
33.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 7(3), i dteannta phointe 2 de Roinn C d’Iarscríbhinn I, más rud é nach n-áirithíonn sí nach bhfuil duine dá dtagraítear i bpointe 1 den Roinn sin páirteach i rátáil chreidmheasa nó i dtuar rátála dá dtagraítear i bpointe 2 den Roinn sin a chinneadh, nó nach n-imríonn sé aon tionchar eile air sin.
34.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 7(3), i dteannta phointe (b), phointe (c) agus phointe (d) de phointe 3 de Roinn C d'Iarscríbhinn I, más rud é nach n-áirithíonn sí nach ndéanann duine dá dtagraítear i bpointe 1 den Roinn sin faisnéis a nochtadh, a úsáid nó a roinnt, ar nithe iad sin dá dtagraítear sna pointí sin.
35.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 7(3), i dteannta phointe 4 de Roinn C d'Iarscríbhinn I, más rud é nach n-áirithíonn sí nach ndéanann duine dá dtagraítear i bpointe 1 den Roinn sin airgead, bronntanais nó garanna a iarraidh ar dhuine ar bith lena ndéanann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa gnó nó airgead, bronntanais nó garanna a ghlacadh ó dhuine den sórt sin.
36.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 7(3), i dteannta phointe 7 de Roinn C d’Iarscríbhinn I, más rud é nach n-áirithíonn sí nach dtéann duine dá dtagraítear i bpointe 1 den Roinn sin i mbun príomhphoist bainistíochta leis an eintiteas rátáilte nó le tríú páirtí gaolmhar taobh istigh de shé mhí ón tráth a ndéantar an rátáil chreidmheasa nó an tuar rátála a eisiúint.
37.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 7(4), i dteannta phointe (a) den chéad mhír de phointe 8 de Roinn C d'Iarscríbhinn I, más rud é nach n-áirithíonn sí nach bhfuil baint ag an bpríomhanailísí rátála le gníomhaíochtaí rátála creidmheasa a bhaineann leis an eintiteas rátáilte céanna nó lena thríú páirtithe gaolmhara ar feadh tréimhse is faide ná ceithre bliana.
38.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 7(4), i dteannta phointe (i) de phointe (b) den chéad mhír de phointe 8 de Roinn C d’Iarscríbhinn I, más rud é nach n-áirithíonn sí, i gcás ina soláthraíonn sí rátálacha creidmheasa nó rátálacha ceannasacha gan iarraidh, nach bhfuil baint ag anailísí rátála le gníomhaíochtaí rátála creidmheasa a bhaineann leis an eintiteas rátáilte céanna nó le tríú páirtí gaolmhar ar feadh tréimhse is faide ná cúig bliana.
39.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 7(4), i dteannta phointe (ii) de phointe (b) den chéad mhír de phointe 8 de Roinn C d’Iarscríbhinn I, más rud é nach n-áirithíonn sí, i gcás ina soláthraíonn sí rátálacha creidmheasa nó rátálacha ceannasacha gan iarraidh, nach bhfuil duine a fhormheasann rátálacha creidmheasa páirteach i ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa a bhaineann leis an eintiteas rátáilte céanna nó le tríú páirtí gaolmhar ar feadh tréimhse níos is faide ná seacht mbliana.
40.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 7(4), i dteannta an dara mír de phointe 8 de Roinn C d’Iarscríbhinn I, más rud é nach n-áirithíonn sí nach bhfuil baint ag duine dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad mhír den phointe sin le gníomhaíochtaí rátála creidmheasa a bhaineann leis an eintiteas rátáilte nó le tríú páirtí gaolmhar dá dtagraítear sna pointí sin taobh istigh de dhá bhliain ó dheireadh na dtréimhsí a leagtar amach sna pointí sin.
41.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 7(5) má dhéanann sí cúiteamh nó meastóireacht feidhmíochta a thabhairt isteach atá ag brath ar an méid ioncaim a fhaigheann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa ó na heintitis rátáilte nó ó na tríú páirtithe gaolmhara.
42.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 8(2) más rud é nach ndéanann sí bearta leordhóthanacha a ghlacadh, a chur chun feidhme nó a fhorghníomhú d’fhonn a áirithiú go bhfuil na rátálacha creidmheasa agus na tuartha rátála a eisíonn sí bunaithe ar anailís chríochnúil ar an bhfaisnéis ar fad atá ar fáil di agus atá ábhartha dá hanailís de réir na modheolaíochtaí rátála is infheidhme.
42a.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 8(2) má úsáideann sí faisnéis atá lasmuigh de raon feidhme Airteagal 8(2) nó toisc nach gcomhlíonann a cuid athruithe rátála na modheolaíochtaí atá foilsithe aici.
42b.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 8(2a) má eisíonn sí athruithe ar a cuid rátálacha creidmheasa nach gcomhlíonann na modheolaíochtaí rátála atá foilsithe aici.
43.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 8(3) más rud é nach n-úsáideann sí modheolaíochtaí rátála atá docht, córasach agus leanúnach agus nach dtagann faoi réir a mbailíochtaithe ar bhonn taithí stairiúla, lena n-áirítear cúltástáil.
44.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa an chéad fhomhír d'Airteagal 8(4) má dhiúltaíonn sí rátáil creidmheasa eintitis nó rátáil creidmheasa ionstraime airgeadais a eisiúint toisc rátáil a bheith déanta ar chuid den eintiteas nó den ionstraim airgeadais roimhe sin ag gníomhaireacht rátála creidmheasa eile.
45.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa an dara fomhír d'Airteagal 8(4) más rud é nach gcoinníonn sí taifead ar na cásanna ar fad ina n-imíonn a próiseas rátála creidmheasa ó na rátálacha creidmheasa atá ann cheana agus a d’ullmhaigh gníomhaireacht rátála creidmheasa eile i leith bunsócmhainní nó ►M5 ionstraimí urrúsúcháin ◄ nó más rud é nach ndéanann sí údar maith á thabhairt maidir leis an measúnú éagsúil.
46.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa an chéad abairt den chéad fhomhír d’Airteagal 8(5) más rud é nach ndéanann sí faireachán ar a rátálacha creidmheasa seachas na rátálacha ceannasacha nó nach ndéanann sí athbhreithniú ar a cuid rátálacha creidmheasa seachas na rátálacha ceannasacha nó a cuid modheolaíochtaí rátála ar bhonn leanúnach nó uair amháin sa bhliain ar a laghad.
46a.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa an dara fomhír d’Airteagal 8(5), i dteannta na chéad abairte den chéad fhomhír d’Airteagal 8(5), mura ndéanann sí faireachán ar a rátálacha ceannasacha nó mura ndéanann sí athbhreithniú ar a cuid rátálacha ceannasacha ar bhonn leanúnach nó uair amháin gach sé mhí ar a laghad.
47.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa an dara habairt d'Airteagal 8(5) más rud é nach mbunaíonn sí socruithe inmheánacha chun faireachán a dhéanamh ar an tionchar a imrítear ar rátálacha creidmheasana de bharr athruithe ar choinníollacha margaidh maicreacnamaíocha nó airgeadais.
48.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa pointe (b) d’Airteagal 8(6), i gcás ina n-athraítear modheolaíochtaí, samhlacha nó príomhbhoinn tuisceana rátála a úsáidtear i ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa, más rud é nach ndéanann sí athbhreithniú ar na rátálacha creidmheasa a ndéantar difear dóibh i gcomhréir leis an bpointe sin nó más rud é nach gcuirtear na rátálacha sin faoi bhreathnadóireacht san idirlinn.
49.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa pointe (c) d’Airteagal 8(6) más rud é nach ndéanann sí athrátáil ar rátáil chreidmheasa a bhí bunaithe ar mhodheolaíochtaí, ar shamhlacha nó ar phríomhbhoinn tuisceana a athraítear i gcás ina ndéanann éifeacht chomhcheangailte fhoriomlán na n-athruithe sin difear don rátáil chreidmheasa sin.
49a.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa pointe (c) d’Airteagal 8(6), i dteannta phointe (c) d’Airteagal 8(7), mura ndéanann sí athrátáil ar rátáil chreidmheasa i gcás ina ndéanann earráidí sna modheolaíochtaí rátála nó ina gcur i bhfeidhm difear donn rátáil chreidmheasa sin.
50.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 9 má dhéanann sí eisfhoinsiú ar fheidhmeanna oibríochtúla tábhachtacha ar shlí a dhéanfadh dochar go hábhartha do cháilíocht rialú inmheánach na gníomhaireachta rátála creidmheasa nó do chumas ÚEUM maoirseacht a dhéanamh ar an tslí a gcomhlíonann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa oibleagáidí faoin Rialachán seo.
51.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 10(2), i dteannta an dara mír de phointe 4 de Chuid I de Roinn D d'Iarscríbhinn I, má dhéanann sí rátáil chreidmheasa a eisiúint nó más rud é nach ndéanann sí rátáil a bhí ann cheana a tharraingt siar i gcás ina mbeidh easpa sonraí iontaofa ann nó de bharr chastacht an struchtúir a bhaineann le cineál nua ionstraime airgeadais nó toisc nach bhfuil cáilíocht na faisnéise atá ar fáil sásúil go leor nó go n-ardaíonn sí ceisteanna tromchúiseacha maidir le cumas na gníomhaireachta rátála creidmheasa rátáil chreidmheasa inchreidte a sholáthar.
52.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 10(6) má bhaineann sí úsáid as ainm ÚEUM nó as ainm aon údaráis inniúil ar shlí a léireodh nó a thabharfadh le tuiscint go ndearna ÚEUM nó aon údarás inniúil tacaíocht nó formheas a thabhairt maidir leis na rátálacha creidmheasa nó maidir le haon ghníomhaíochtaí rátála creidmheasa de chuid na gníomhaireachta rátála creidmheasa.
53.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 13 má ghearrann sí táille ar an bhfaisnéis a sholáthraítear i gcomhréir le hAirteagal 8 go hAirteagal 12.
54.
I gcás inar duine dlítheanach atá bunaithe sa Chomhphobal é an ghníomhaireacht rátála creidmheasa, sáraíonn sí Airteagal 14(1) más rud é nach ndéanann sí iarratas ar chlárúchán chun críocha Airteagal 2(1).
55.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 8a(3) mura ndéanann sí ar bhonn bliantúil, i gcomhréir le pointe 3 de Chuid III de Roinn D d’Iarscríbhinn I, féilire a fhoilsiú ar a láithreán gréasáin nó a chur faoi bhráid ÚEUM ag deireadh mhí na Nollag don 12 mhí ina dhiaidh sin lena leagtar síos trí dháta ar a mhéid, ar Aoine gach dáta díobh sin, chun go ndéanfaí rátálacha cheannasacha gan iarraidh agus tuartha rátála gaolmhara a fhoilsiú agus lena leagtar síos dátaí ar Aoine gach dáta díobh sin, chun go ndéanfaí rátálacha ceannasacha a iarradh agus tuartha rátála gaolmhara a fhoilsiú.
56.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 8a(4) má imíonn sí ón bhféilire fógartha nuair nach gá sin a dhéanamh chun a cuid oibleagáidí faoi Airteagal 8(2), Airteagal 10(1) nó Airteagal 11(1) a chomhlíonadh nó mura soláthraíonn sí míniú mionsonraithe ar na cúiseanna a bhí aici le himeacht ón bhféilire fógartha.
57.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 10(2), i dteannta phointe 3 de Chuid III de Roinn D d’Iarscríbhinn I, má fhoilsíonn sí rátáil cheannasach nó tuar rátála gaolmhar le linn uaireanta gnó na margaí rialáilte nó laistigh d’uair an chloig sula n-osclaíonn margaí den sórt sin.
58.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 10(2), i dteannta phointe 4 de Chuid III de Roinn D d’Iarscríbhinn I, má dhéanann sí moltaí beartais, réamhthuair beartais nó treoirlínte beartais d’eintitis rátáilte, lena n-áirítear Stáit nó údaráis réigiúnacha nó áitiúla Stát, a áireamh mar chuid de rátáil cheannasach nó de thuartha rátála.
59.
Nuair a dhéanann gníomhaireacht rátála creidmheasa cumarsáidí poiblí a bhaineann le hathruithe ar rátálacha ceannasacha, agus nach rátálacha creidmheasa, tuartha rátála nó preaseisiúintí a ghabhann leo iad, mar a thagraítear dóibh i bpointe 5 de Chuid I de Roinn D d’Iarscríbhinn I, sáraíonn sí Airteagal 8a(2) mura mbunaíonn sí na cumarsáidí sin ar fhaisnéis laistigh de réimse an eintitis rátáilte, i gcás ina mbíonn an fhaisnéis sin nochta gan toiliú an eintitis rátáilte, mura rud é go mbeadh sí ar fáil ó fhoinsí a bhfuil rochtain ghinearálta orthu nó mura rud é nach bhfuil cúiseanna dlisteanacha ann le nach dtabharfadh an t-eintiteas rátáilte a thoiliú an fhaisnéis sin a nochtadh.
60.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 8a(1) mura ndéanann sí tuarascálacha tíre aonair a bhfuil fáil go poiblí orthu a eisiúint nuair a bhíonn athbhreithniú ar ghrúpa tíortha ar leith á fhógairt aici.
61.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa pointe 1 de Chuid III de Roinn D d’Iarscríbhinn I má eisíonn sí rátáil cheannasach nó tuar rátála gaolmhar gan tuarascáil mhionsonraithe taighde a chur isteach i gcomhthráth ina mínítear na boinn tuisceana, na paraiméadair, na teorainneacha agus na neamhchinnteachtaí agus aon fhaisnéis eile a chuirtear san áireamh agus an rátáil cheannasach sin á cinneadh nó an tuar rátála sin á chinneadh nó mura ndéanann sí an tuarascáil sin a chur ar fáil go poiblí agus a áirithiú go bhfuil sí soiléir agus éasca le tuiscint.
62.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa pointe 2 de Chuid III de Roinn D d’Iarscríbhinn I mura n-eisíonn sí tuarascáil taighde a bhfuil fáil go poiblí uirthi a bhíonn ag gabháil le hathrú a rinneadh i gcomparáid le rátáil cheannasach roimhe sin nó le tuar rátála gaolmhar nó mura ndéanann sí an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 2(a) go (d) de Chuid III de Roinn D d’Iarscríbhinn I, ar a laghad, a áireamh sa tuarascáil sin. II. Sáruithe a bhaineann le bacainní ar ghníomhaíochtaí maoirseachta
1.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta phointe 7 de Roinn B d'Iarscríbhinn I, más rud é nach ndéanann sí socrú chun go gcoimeádfaí taifid nó rianta iniúchta ar a gníomhaíochtaí rátála creidmheasa mar a éilítear leis na forálacha sin.
2.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta na chéad mhíre de phointe 8 de Roinn B d'Iarscríbhinn I, más rud é nach gcoimeádann sí na taifid nó rianta iniúchta dá dtagraítear i bpointe 7 den Roinn sin ag a háitreabh ar feadh cúig bliana ar a laghad nó más rud é nach gcuireann sí na taifid nó na rianta iniúchta sin ar fáil do ÚEUM, arna iarraidh sin dó.
3.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta phointe 9 de Roinn B d'Iarscríbhinn I, más rud é nach gcoimeádann sí taifid lena leagtar amach cearta agus oibleagáidí na gníomhaireachta rátála creidmheasa nó an eintitis rátáilte nó a thríú páirtithe gaolmhara faoi seach faoi chomhaontú chun seirbhísí rátála creidmheasa a sholáthar ar feadh na tréimhse a mhaireann an ghaolmhaireacht leis an eintiteas rátáilte sin nó lena thríú páirtí gaolmhar.
3a.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa an tríú fomhír d’Airteagal 14(3) mura dtugann sí fógra do ÚEUM maidir leis na hathruithe ábhartha atá beartaithe i ndáil leis na modheolaíochtaí rátála, na samhlacha rátála nó na príomhbhoinn tuisceana rátála atá cheana ann nó na modheolaíochtaí rátála nua, na samhlacha rátála nua nó na príomhbhoinn tuisceana rátála nua atá beartaithe nuair a fhoilsíonn sí na modheolaíochtaí creidmheasa ar a láithreán gréasáin i gcomhréir le hAirteagal 8(5a).
3b.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa an chéad fhomhír d’Airteagal 8(5a), mura ndéanann sí na modheolaíochtaí rátála nua nó na hathruithe beartaithe ar na modheolaíochtaí rátála a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar rátáil chreidmheasa, mar aon le míniú ar na cúiseanna atá leis na hathruithe agus na himpleachtaí atá ag na hathruithe, nó mura ndéanfaidh sí na nithe sin a fhoilsiú ar a láithreán gréasáin.
3c.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa pointe (a) d’Airteagal 8(7) mura dtugann sí fógra do ÚEUM maidir le hearráidí a fuarthas sna modheolaíochtaí rátála nó ina gcur i bhfeidhm nó mura míníonn sí an tionchar ar a rátálacha creidmheasa lena n-áirítear an gá le hathbhreithniú a dhéanamh ar a cuid rátálacha creidmheasa eisithe.
4.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 11(2) más rud é nach gcuireann sí an fhaisnéis is gá ar fáil nó más rud é nach soláthraíonn sí an fhaisnéis sin san fhormáid a éilítear agus dá dtagraítear sa mhír sin.
4a.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 11a(1) mura gcuireann sí an fhaisnéis is gá ar fáil nó mura soláthraíonn sí an fhaisnéis sin san fhormáid a éilítear agus dá dtagraítear sa mhír sin.
5.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 11(3), i dteannta phointe 2 de Chuid I de Roinn E d'Iarscríbhinn I, más rud é ngach soláthraíonn sí liosta dá seirbhísí coimhdeacha do ÚEUM.
6.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa an dara fomhír d'Airteagal 14(3) más rud é nach dtugann sí fógra do ÚEUM i dtaobh aon athruithe ábhartha ar na coinníollacha don chlárúchán bunaidh, i gcomhréir leis an bhfomhír sin.
7.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 23b(1) mura dtugann sí eolas mar fhreagairt ar chinneadh lena n-éilítear faisnéis de bhun Airteagal 23b(3), nó má chuireann sí faisnéis mhícheart nó mhíthreorach ar fáil, mar fhreagairt ar iarraidh simplí ar fhaisnéis nó ar chinneadh.
8.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa pointe (c) d’Airteagal 23c(1) má mhainníonn sí míniú a thabhairt, nó má thugann sí míniú mícheart nó míthreorach ar fáil, i dtaca le fíorais nó le doiciméid a bhaineann le hábhar agus le cuspóir na cigireachta. III. Sáruithe a bhaineann le forálacha maidir le nochtadh
1.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta phointe 2 de Roinn B d'Iarscríbhinn I, más rud é nach nochtann sí don phobal ainmneacha na n-eintiteas rátáilte nó ainmneacha tríú páirtithe gaolmhara óna bhfaigheann sí níos mó ná 5 % dá hioncam bliantúil.
2.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta an dara cuid den tríú mír de phointe 4 de Roinn B d'Iarscríbhinn I, más rud é nach ndéanann sí seirbhís choimhdeach a sholáthraítear don eintiteas rátáilte nó d’aon tríú páirtí gaolmhar a nochtadh sa tuarascáil chríochnaitheach rátála.
3.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 8(1) más rud é nach nochtann sí don phobal na modheolaíochtaí, na samhlacha nó na príomhbhoinn tuisceana rátála a mbaineann sí úsáid astu ina gníomhaíochtaí rátála creidmheasa faoi mar a bhfuil tuairisc orthu i bpointe 5 de Chuid I de Roinn E d’Iarscríbhinn I.
4.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa pointe (a) d’Airteagal 8(6) i gcás ina n-athraítear modheolaíochtaí, samhlacha nó príomhbhoinn tuisceana rátála a úsáidtear i ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa, más rud é nach ndéanann sí raon feidhme dóchúlach na rátálacha creidmheasa a ndearnadh difear dóibh a nochtadh láithreach nó má dhéanann sí an méid sin a nochtadh gan úsáid á bhaint as an modh cumarsáide céanna agus a úsáideadh chun na rátálacha creidmheasa a ndearnadh difear dóibh a dháileadh.
4a.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa pointe (aa) d’Airteagal 8(6), i gcás ina bhfuil sé beartaithe aici modheolaíochtaí nua a úsáid, mura gcuireann sí ÚEUM ar an eolas maidir le torthaí an chomhairliúcháin agus leis na modheolaíochtaí rátála nua mar aon le míniú mionsonraithe fúthu agus a ndáta chur i bhfeidhm, nó mura bhfoilsíonn sí láithreach ar a láithreán gréasáin iad.
4b.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa pointe (a) d’Airteagal 8(7) mura dtugann sí fógra do na heintitis rátáilte lena mbaineann maidir le hearráidí ina modheolaíochtaí rátála nó ina gcur i bhfeidhm, nó mura míníonn sí an tionchar atá acu ar a rátálacha creidmheasa, lena n-áirítear an gá le hathbhreithniú a dhéanamh ar a cuid rátálacha creidmheasa eisithe.
4c.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa pointe (b) d’Airteagal 8(7) mura bhfoilsíonn sí ar a láithreán gréasáin earráidí ina modheolaíochtaí rátála nó ina gcur i bhfeidhm nuair a bhíonn tionchar ag na hearráidí sin ar rátálacha creidmheasa na gníomhaireachta rátála creidmheasa.
5.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 10(1) más rud é nach nochtann sí na cinntí gan leanúint ar aghaidh le rátáil chreidmheasa lena n-áirítear na cúiseanna ar fad atá leis an gcinneadh ar bhonn neamhroghnach agus go tráthúil.
6.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 10(2), i dteannta phointe 1 nó phointe 2, na chéad mhíre de phointe 4 nó de phointí 5 nó 6, de Chuid I de Roinn D d’Iarscríbhinn I nó i dteannta Chuid II nó Chuid III de Roinn D d’Iarscríbhinn I, mura soláthraíonn sí an fhaisnéis a cheanglaítear leis na forálacha sin nuair a bhíonn rátáil chreidmheasa á tíolacadh nó tuar rátála á thíolacadh.
7.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 10(2), i dteannta phointe 3 de Chuid I de Roinn D d’Iarscríbhinn I, mura ndéanann sí, le linn uaireanta oibre an eintitis rátáilte agus mura ndéanann sí amhlaidh lá iomlán oibre ar a laghad sula bhfoilsítear rátáil chreidmheasa nó tuar rátála, an t-eintiteas rátáilte a chur ar an eolas faoin rátáil chreidmheasa nó faoin tuar rátála.
8.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 10(3) más rud é nach n-áirithíonn sí go ndéantar catagóirí rátála a chuirtear i leith ►M5 ionstraimí urrúsúcháin ◄ a idirdhealú go soiléir trí úsáid a bhaint as siombail bhreise lena n-idirdhealaítear iad ó chatagóirí rátála a úsáidtear d’aon eintitis eile, d’aon ionstraimí airgeadais eile nó d'aon oibleagáidí airgeadais eile.
9.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 10(4) más rud é nach nochtann sí a cuid beartas nó nósanna imeachta i leith rátálacha creidmheasa gan iarraidh.
10.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 10(5) más rud é nach soláthraíonn sí an fhaisnéis a éilítear faoin mír sin agus rátáil chreidmheasa gan iarraidh á heisiúint aici nó más rud é nach sainaithníonn sí rátáil chreidmheasa gan iarraidh mar an gcéanna.
11.
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 11(1) más rud é nach nochtann sí go hiomlán an fhaisnéis ar na hábhair a leagtar amach i gCuid I de Roinn E d'Iarscríbhinn I nó mura dtugann sí an fhaisnéis sin cothrom le dáta láithreach. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|