+Airteagal 5 Ceanglais um fheidhm formhaoirseachta
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 5 4.
---+Airteagal 5 5.

Airteagal 5 Ceanglais um fheidhm formhaoirseachta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 5 1.
Déanfaidh riarthóirí feidhm formhaoirseachta bhuan agus éifeachtach a bhunú agus a choimeád chun formhaoirseacht a áirithiú ar gach gné de sholáthar a gcuid tagarmharcanna.
Airteagal 5 2.
Déanfaidh riarthóirí nósanna imeachta láidre a fhorbairt agus a choimeád maidir lena bhfeidhm formhaoirseachta, ar nósanna imeachta iad a chuirfear ar fáil do na húdaráis inniúla ábhartha.
Airteagal 5 3.

Oibreoidh an fheidhm formhaoirseachta le hionracas agus beidh na freagrachtaí seo a leanas aici, a dhéanfaidh an riarthóir a choigeartú bunaithe ar chastacht, úsáid agus leochaileacht an tagarmhairc:

(a) 

athbhreithniú a dhéanamh, go bliantúil ar a laghad, ar shainmhíniú agus ar mhodheolaíocht an tagarmhairc;

(b) 

formhaoirseacht a dhéanamh ar aon athruithe ar mhodheolaíocht an tagarmhairc agus a bheith in ann iarraidh ar an riarthóir comhairliúchán a dhéanamh maidir le hathruithe den sórt sin;

(c) 

formhaoirseacht a dhéanamh ar chreat rialaithe an riarthóra, ar bhainistiú agus ar oibriú an tagarmhairc, agus, i gcás ina bhfuil an tagarmharc bunaithe ar shonraí ionchuir ó rannchuiditheoirí, ar an gcód iompair dá dtagraítear in Airteagal 15;

(d) 

athbhreithniú a dhéanamh ar nósanna imeachta a bhaineann le scor an tagarmhairc, lena n-áirítear aon chomhairliúchán faoi scor, agus iad a fhormheas;

(e) 

formhaoirseacht a dhéanamh ar aon tríú páirtí a bhfuil baint aige nó aici i soláthar an tagarmhairc, lena n-áirítear gníomhairí ríofa nó scaipthe;

(f) 

meastóireacht a dhéanamh ar iniúchtaí nó athbhreithnithe inmheánacha agus seachtracha, agus faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí aitheanta feabhais;

(g) 

i gcás ina bhfuil an tagarmharc bunaithe ar shonraí ionchuir ó rannchuiditheoirí, faireachán a dhéanamh ar na sonraí ionchuir agus na rannchuiditheoirí agus gníomhaíochtaí an riarthóra le linn agóid a dhéanamh i gcoinne rannchuidithe de shonraí ionchuir nó na rannchuidithe sin a bhailíochtú;

(h) 

i gcás ina bhfuil an tagarmharc bunaithe ar shonraí ionchuir ó rannchuiditheoirí, bearta éifeachtacha a ghlacadh i leith aon sáruithe ar an gcód iompair dá dtagraítear in Airteagal 15; agus

(i) 

aon mhí-iompar ó rannchuiditheoirí, i gcás ina bhfuil an tagarmharc bunaithe ar shonraí ionchuir ó rannchuiditheoirí, nó ó riarthóirí a bhfuil lucht na feidhme formhaoirseachta ar an eolas faoi, agus aon sonraí ionchuir aimhrialta nó amhrasta a thuairisciú do na húdaráis inniúla ábhartha.

Airteagal 5 4.
Is trí choiste leithleach nó trí bhíthin socrú rialachais iomchuí eile a dhéanfar an fheidhm formhaoirseachta.
Airteagal 5 5.
Déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun na nósanna imeachta maidir leis an bhfeidhm formhaoirseachta agus saintréithe na eidhme formhaoirseachta lena n-áirítear a comhdhéanamh chomh maith lena suí laistigh de struchtúr eagraíochtúil an riarthóra a shonrú, ionas go n-áiritheofar sláine na feidhme agus nach mbeidh coinbhleachtaí leasa ann. Go háirithe, déanfaidh ÚEUM liosta neamh-uileghabhálach de shocruithe rialachais iomchuí mar a leagtar síos i mír 4 a fhorbairt.

Déanfaidh ÚEUM idirdhealú idir na cineálacha éagsúla tagarmharcanna agus earnálacha mar a leagtar amach sa Rialachán seo agus cuirfidh sé san áireamh na difríochtaí i struchtúr úinéireachta agus rialaithe na riarthóirí, cineál, scála agus castacht sholáthar an tagarmhairc, agus riosca agus tionchar an tagarmhairc, i bhfianaise chóineasú idirnáisiúnta an chleachtais maoirseachta i ndáil le ceanglais rialachais tagarmharcanna freisin. ►M6  ————— ◄

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Aibreán 2017.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32016R1011
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.