|
+Airteagal 10 3. |
Airteagal 10 3.I gcás ina ndéanfar seachfhoinsiú, áiritheoidh an riarthóir go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
tá an cumas, acmhainneacht, agus aon údarú a theastaíonn de réir an dlí ag an soláthraí seirbhíse chun na feidhmeanna, seirbhísí nó gníomhaíochtaí seachfhoinsithe a chur i gcrích go hiontaofa agus go gairmiúil;
(b)
cuireann an riarthóir ar fáil do na húdaráis inniúla ábhartha céannacht agus cúraimí an tsoláthraí seirbhíse a ghlacann páirt sa phróiseas faoina gcinntear tagarmharcanna;
(c)
déanann an riarthóir gníomhaíocht iomchuí más dealraitheach nach bhféadfaidh sé go bhfuil feidhmeanna seachfhoinsithe á gcur i gcrích go héifeachtach ag an soláthraí seirbhíse agus i gcomhréir leis an dlí agus leis na ceanglais rialála is infheidhme;
(d)
coimeádann an riarthóir an saineolas is gá chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar na feidhmeanna seachfhoinsithe agus chun na rioscaí a bhaineann leis an seachfhoinsiú a bhainistiú;
(e)
nochtann an soláthraí seirbhíse aon fhorbairt don riarthóir a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith aige ar a chumas na feidhmeanna seachfhoinsithe a chur i gcrích go héifeachtach agus i gcomhréir leis na dlíthe agus ceanglais rialála is infheidhme;
(f)
comhoibríonn an soláthraí seirbhíse leis an údarás inniúil ábhartha maidir leis na gníomhaíochtaí seachfhoinsithe, agus tá rochtain éifeachtach ag an riarthóir agus ag an údarás inniúil ábhartha ar shonraí a bhaineann leis na gníomhaíochtaí seachfhoinsithe, mar aon le háitreabh gnó an tsoláthraí seirbhíse, agus tá an t-údarás inniúil ábhartha in ann na cearta rochtana sin a fheidhmiú;
(g)
tá an riarthóir in ann na socruithe seachfhoinsithe a fhoirceannadh i gcás inar gá sin;
(h)
déanann an riarthóir bearta réasúnacha, lena n-áirítear pleananna teagmhasacha, chun riosca oibríochtúil míchuí a bhaineann le rannpháirtíocht an tsoláthraí seirbhíse sa phróiseas faoina gcinntear tagarmharcanna a sheachaint. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|