|
+Airteagal 11 5. |
Airteagal 11 5.Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun sonrú tuilleadh a dhéanamh ar conas a áirithiú go bhfuil sonraí ionchuir oiriúnach agus infhíoraitheach, mar a éilítear faoi phointe (a) agus faoi phointe (b) de mhír 1, chomh maith leis na nósanna imeachta formhaoirseachta agus fíoraithe inmheánacha de chuid rannchuiditheora nach mór do riarthóir a áirithiú go bhfuil siad i bhfeidhm, i gcomhlíonadh phointe (b) de mhír 3, chun sláine agus cruinneas sonraí ionchuir a áirithiú.
►M6
————— ◄
Cuirfidh ÚEUM san áireamh na cineálacha éagsúla tagarmharcanna agus earnálacha mar a leagtar amach sa Rialachán seo, cineál na sonraí ionchuir, saintréithe an bhunmhargaidh nó an fhíorcháis eacnamaíoch agus prionsabal na comhréireachta, leochaileacht na dtagarmharcanna i leith cúblála, chomh maith leis an gcóineasú idirnáisiúnta ar chleachtas idirnáisiúnta i ndáil leis na tagarmharcanna. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Aibreán 2017. Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|