|
+Airteagal 21 3. |
Airteagal 21 3.Tar éis dó an measúnú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2 a chríochnú, beidh sé de chumhacht ag an údarás inniúil iallach a chur ar an riarthóir leanúint de bheith ag foilsiú an tagarmhairc go dtí:
(a)
go mbeidh soláthar an tagarmhairc aistrithe chuig riarthóir nua;
(b)
go bhféadfar scor den tagarmharc a sholáthar ar bhealach rianúil; nó
(c)
nach bhfuil an tagarmharc criticiúil a thuilleadh. Chun críocha na chéad fhomhíre, ní faide ná 12 mhí an tréimhse ar lena linn a fhéadfaidh an t-údarás inniúil iallach a chur ar an riarthóir leanúint de bheith ag foilsiú a tagarmhairc. Faoi dheireadh na tréimhse sin, déanfaidh an t‐údarás inniúil athbhreithniú ar a chinneadh iallach a chur ar an riarthóir leanúint d’fhoilsiú an tagarmhairc. Féadfaidh an t‐údarás inniúil, i gcás inar gá, an tréimhse ama sin a fhadú ar feadh tréimhse ama iomchuí nach faide ná 12 mhí bhreise. Ní faide ná 5 bliana san iomlán uastréimhse an riaracháin éigeantaigh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|