+Airteagal 21 Riarachán éigeantach ar thagarmharc criticiúil
---+Airteagal 21 1.
---+Airteagal 21 2.
---+Airteagal 21 3.
---+Airteagal 21 4.
---+Airteagal 21 5.

Airteagal 21 Riarachán éigeantach ar thagarmharc criticiúil

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 21 1.

Má tá sé beartaithe ag riarthóir tagarmhairc chriticiúil scor de thagarmharc den sórt sin a sholáthar, déanfaidh an riarthóir an méid seo a leanas:

(a) 

fógra a thabhairt dá údarás inniúil láithreach; agus

(b) 

laistigh de cheithre seachtaine tar éis fógra den sórt sin a thabhairt, measúnú a chur isteach faoi conas a dhéanfar an méid seo a leanas maidir leis an tagarmharc:

(i) 

é a thrasdul chuig riarthóir nua; nó

(ii) 

scor de bheith á sholáthar, agus an nós imeachta a bhunaítear in Airteagal 28(1) á chur san áireamh.

Le linn na tréimhse dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, ní scoirfidh an riarthóir den tagarmharc a sholáthar.

Airteagal 21 2.

Tar éis measúnú an riarthóra dá dtagraítear i mír 1 a fháil, déanfaidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas:

(a) 

ÚEUM agus an coláiste arna bhunú faoi Airteagal 46 a chur ar an eolas;

(b) 

tar éis an measúnú sin a fháil, a mheasúnú féin a dhéanamh, faoi cheann ceithre seachtaine, ar conas a bheidh an tagarmharc le trasdul chuig riarthóir nua nó a scor de bheith á sholáthar, agus an nós imeachta a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 28(1) á chur san áireamh.

Le linn na tréimhse dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, ní scoirfidh an riarthóir den tagarmharc a sholáthar gan toiliú i scríbhinn ó ÚEUM nó ón údarás inniúil, nuair is ábhartha sin.

Airteagal 21 3.

Tar éis dó an measúnú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2 a chríochnú, beidh sé de chumhacht ag an údarás inniúil iallach a chur ar an riarthóir leanúint de bheith ag foilsiú an tagarmhairc go dtí:

(a) 

go mbeidh soláthar an tagarmhairc aistrithe chuig riarthóir nua;

(b) 

go bhféadfar scor den tagarmharc a sholáthar ar bhealach rianúil; nó

(c) 

nach bhfuil an tagarmharc criticiúil a thuilleadh.

Chun críocha na chéad fhomhíre, ní faide ná 12 mhí an tréimhse ar lena linn a fhéadfaidh an t-údarás inniúil iallach a chur ar an riarthóir leanúint de bheith ag foilsiú a tagarmhairc.

Faoi dheireadh na tréimhse sin, déanfaidh an t‐údarás inniúil athbhreithniú ar a chinneadh iallach a chur ar an riarthóir leanúint d’fhoilsiú an tagarmhairc. Féadfaidh an t‐údarás inniúil, i gcás inar gá, an tréimhse ama sin a fhadú ar feadh tréimhse ama iomchuí nach faide ná 12 mhí bhreise. Ní faide ná 5 bliana san iomlán uastréimhse an riaracháin éigeantaigh.

Airteagal 21 4.
Gan dochar do mhír 1, i gcás ina mbeidh riarthóir tagarmhairc chriticiúil le foirceannadh mar gheall ar imeachtaí dócmhainneachta, déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú i dtaobh an féidir an tagarmharc criticiúil trasdul chuig tagarmharc nua, agus conas é sin a dhéanamh, nó an féidir leis scor de bheith á sholáthar ar bhealach rianúil, agus an nós imeachta a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 28(1) á chur san áireamh.
Airteagal 21 5.
Forbróidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na critéir a shonrú ar a mbeidh an measúnú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2 bunaithe.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Deireadh Fómhair 2020.

Tarmligtear cumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32016R1011
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.