|
+Airteagal 27 1. |
Airteagal 27 1.Laistigh de dhá sheachtain ó chuirtear riarthóir sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 36, foilseoidh an riarthóir, ar mhodh a áirithíonn rochtain chothrom agus éasca, ráiteas tagarmhairc i leith gach tagarmhairc nó, i gcás inarb infheidhme, i leith gach fine tagarmharcanna, a fhéadfar a úsáid san Aontas i gcomhréir le hAirteagal 29. I gcás ina dtosaíonn an riarthóir sin ar thagarmharc nua nó ar fhine tagarmharcanna a fhéadfar a úsáid san Aontas i gcomhréir le hAirteagal 29 a sholáthar, déanfaidh an riarthóir, laistigh de dhá sheachtain agus ar mhodh a áirithíonn rochtain chothrom agus éasca, ráiteas tagarmhairc a fhoilsiú i leith gach tagarmhairc nua nó, i gcás inarb infheidhme, i leith gach fine nua tagarmharcanna. Déanfaidh an riarthóir athbhreithniú agus, i gcás inar gá sin, nuashonrú ar an ráiteas tagarmhairc i leith gach tagarmhairc nó fine tagarmharcanna sa chás go dtarlaíonn athruithe ar an bhfaisnéis atá le soláthar faoin Airteagal seo agus déanfaidh sé an méid sin gach dhá bhliain ar a laghad. Maidir leis an ráiteas tagarmhairc:
(a)
beidh ann sainmhíniú soiléir agus gan athbhrí ar an margadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch atá á thomhas leis an tagarmharc agus na cúinsí ina bhféadfadh sé go mbeidh tomhas den sórt sin neamhiontaofa;
(b)
leagfar síos ann sonrúcháin theicniúla lena sainaithnítear go soiléir agus gan athbhrí na heilimintí sin de ríomh an tagarmhairc arb ina leith a fhéadfar lánrogha a chur i bhfeidhm, na critéir is infheidhme i leith fheidhmiú na lánrogha sin agus post na ndaoine ar féidir leo lánrogha a fheidhmiú agus conas a d'fhéadfaí an lánrogha sin a mheas ina dhiaidh sin.
(c)
tabharfar ann fógra go bhféadfadh fachtóirí a bheith ann, lena n-áirítear fachtóirí seachtracha nach bhfuil smacht ag an riarthóir orthu, a d'fhágfadh go mbeadh gá le hathruithe ar thagarmharc, nó an tagarmhac a scor; agus
(d)
cuirfear in iúl ann d'úsáideoirí go bhféadfadh tionchar a bheith ag athruithe ar thagarmharc nó ag scor tagarmhairc ar na conarthaí airgeadais agus ar na hionstraimí airgeadais a dhéanann tagairt don tagarmharc nó do thomhas ar fheidhmíocht cistí infheistíochta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|