+Airteagal 27 Ráiteas tagarmhairc
---+Airteagal 27 1.
---+Airteagal 27 2.
---+Airteagal 27 2a.
---+Airteagal 27 2aa.
---+Airteagal 27 2b.
---+Airteagal 27 3.
|
Airteagal 27 Ráiteas tagarmhairc
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 27 1.
|
Laistigh de dhá sheachtain ó chuirtear riarthóir sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 36, foilseoidh an riarthóir, ar mhodh a áirithíonn rochtain chothrom agus éasca, ráiteas tagarmhairc i leith gach tagarmhairc nó, i gcás inarb infheidhme, i leith gach fine tagarmharcanna, a fhéadfar a úsáid san Aontas i gcomhréir le hAirteagal 29. I gcás ina dtosaíonn an riarthóir sin ar thagarmharc nua nó ar fhine tagarmharcanna a fhéadfar a úsáid san Aontas i gcomhréir le hAirteagal 29 a sholáthar, déanfaidh an riarthóir, laistigh de dhá sheachtain agus ar mhodh a áirithíonn rochtain chothrom agus éasca, ráiteas tagarmhairc a fhoilsiú i leith gach tagarmhairc nua nó, i gcás inarb infheidhme, i leith gach fine nua tagarmharcanna. Déanfaidh an riarthóir athbhreithniú agus, i gcás inar gá sin, nuashonrú ar an ráiteas tagarmhairc i leith gach tagarmhairc nó fine tagarmharcanna sa chás go dtarlaíonn athruithe ar an bhfaisnéis atá le soláthar faoin Airteagal seo agus déanfaidh sé an méid sin gach dhá bhliain ar a laghad. Maidir leis an ráiteas tagarmhairc:
(a)
beidh ann sainmhíniú soiléir agus gan athbhrí ar an margadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch atá á thomhas leis an tagarmharc agus na cúinsí ina bhféadfadh sé go mbeidh tomhas den sórt sin neamhiontaofa;
(b)
leagfar síos ann sonrúcháin theicniúla lena sainaithnítear go soiléir agus gan athbhrí na heilimintí sin de ríomh an tagarmhairc arb ina leith a fhéadfar lánrogha a chur i bhfeidhm, na critéir is infheidhme i leith fheidhmiú na lánrogha sin agus post na ndaoine ar féidir leo lánrogha a fheidhmiú agus conas a d'fhéadfaí an lánrogha sin a mheas ina dhiaidh sin.
(c)
tabharfar ann fógra go bhféadfadh fachtóirí a bheith ann, lena n-áirítear fachtóirí seachtracha nach bhfuil smacht ag an riarthóir orthu, a d'fhágfadh go mbeadh gá le hathruithe ar thagarmharc, nó an tagarmhac a scor; agus
(d)
cuirfear in iúl ann d'úsáideoirí go bhféadfadh tionchar a bheith ag athruithe ar thagarmharc nó ag scor tagarmhairc ar na conarthaí airgeadais agus ar na hionstraimí airgeadais a dhéanann tagairt don tagarmharc nó do thomhas ar fheidhmíocht cistí infheistíochta.
|
|
Airteagal 27 2.
|
Beidh an méid seo a leanas, ar a laghad, i ráiteas tagarmhairc:
(a)
na sainmhínithe ar na príomhthéarmaí ar fad a bhaineann leis an tagarmharc;
(b)
an réasúnaíocht a bhaineann le glacadh modheolaíochta tagarmhairc agus le glacadh nósanna imeachta chun an mhodheolaíocht a fhormheas agus chun athbhreithniú a dhéanamh uirthi;
(c)
na critéir agus na nósanna imeachta a úsáidtear chun an tagarmharc a chinneadh, lena n-áirítear tuairisc ar na sonraí ionchuir, an tosaíocht a thugtar do chineálacha éagsúla sonraí ionchuir, na sonraí íosta is gá chun tagarmharc a chinneadh, úsáid aon samhlacha nó modhanna eachtarshuímh agus aon nós imeachta chun comhchodanna innéacs tagarmhairc a athchothromú;
(d)
na rialuithe agus na rialacha a rialaíonn aon fheidhmiú breithiúnais nó lánrogha ag an riarthóir nó ag aon rannchuiditheoirí, d'fhonn comhsheasmhacht a áirithiú maidir le húsáid breithiúnais nó lánrogha den sórt sin;
(e)
na nósanna imeachta a rialaíonn cinneadh an tagarmhairc i dtréimhsí struis nó i dtréimhsí ina bhféadfadh foinsí sonraí idirbhirt a bheith neamhleor, míchruinn nó neamhiontaofa agus teorainneacha féideartha an tagarmhairc sna tréimhsí sin;
(f)
na nósanna imeachta chun déileáil le hearráidí sna sonraí ionchuir nó i gcinneadh an tagarmhairc, lena n-áirítear nuair a bheidh athchinneadh ar an tagarmharc de dhíth; agus
(g)
sainaithint na dteorainneacha féideartha atá ag tagarmharc, lena n-áirítear oibriú an tagarmhairc i margaí neamhleachtacha nó ilroinnte agus comhchruinniú féideartha na n-ionchur.
|
|
Airteagal 27 2a.
|
Maidir le tagarmharcanna suntasacha cothromais agus bannaí, chomh maith le Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras, déanfaidh na riarthóirí tagarmharcanna a nochtadh ina ráitis tagarmhairc mionsonraí i dtaobh an bhfuil leibhéal foriomlán ailínithe leis an sprioc maidir le hastaíochtaí carbóin a laghdú á bhaint amach nó an n-áirithítear go bhfuil cuspóirí Chomhaontú Pháras á mbaint amach i gcomhréir leis na rialacha maidir le nochtadh do tháirgí airgeadais in Airteagal 9(3) de Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
13
) an méid sin á mbaint amach.
|
|
Airteagal 27 2aa.
|
I gcás ina n-áirítear sa doiciméadacht dhlíthiúil nó mhargaíochta a bhaineann le tagarmharc nó fine tagarmharcanna aon tagairt do thosca ESG a chur san áireamh, foilseoidh an riarthóir, trí mhodh a áirithíonn rochtain chothrom agus éasca, míniú ar an gcaoi a léirítear tosca ESG i gcás gach ceann de na gnéithe dá dtagraítear i mír 2. Maidir le tagarmharc nó fine tagarmharcanna atá faoi réir ráiteas tagarmhairc a fhoilsiú de bhun mhír 1, áireofar an míniú sin sa ráiteas tagarmhairc sin.
|
|
Airteagal 27 2b.
|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an bhfaisnéis atá le soláthar de bhun mhíreanna 2a agus 2aa den Airteagal seo a shonrú tuilleadh, chomh maith leis an bhformáid chaighdeánach atá le húsáid do thagairtí do thosca ESG, chun rannpháirtithe sa mhargadh a chumasú chun go mbeidh siad in ann roghanna feasacha a dhéanamh agus chun indéantacht theicniúil chomhlíonadh na míreanna sin a áirithiú.
|
|
Airteagal 27 3.
|
Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun inneachar an ráitis tagarmhairc a shonrú tuilleadh mar aon leis na cásanna ina mbeidh gá le nuashonrú ar ráiteas den sórt sin. Déanfaidh ÚEUM idirdhealú idir cineálacha éagsúla tagarmharcanna agus earnálacha a leagtar amach sa Rialachán seo agus cuirfidh sé san áireamh prionsabal na comhréireachta. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Aibreán 2017. Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32016R1011
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|