+Airteagal 31 Clárú riarthóra atá lonnaithe i dtríú tír a tharraingt siar
---+Airteagal 31 1.
---+Airteagal 31 2.
---+Airteagal 31 3.

Airteagal 31 Clárú riarthóra atá lonnaithe i dtríú tír a tharraingt siar

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 31 1.

Déanfaidh ÚEUM clárú riarthóra atá lonnaithe i dtríú tír a tharraingt siar tríd an riarthóir sin a bhaint den chlár dá dtagraítear in Airteagal 36 más rud é go bhfuil cúiseanna maithe aige, bunaithe ar fhianaise dhoiciméadaithe, go bhfuil an riarthóir:

(a) 

ag gníomhú ar bhealach ar soiléir go ndéanfaidh sé dochar do leasanna úsáideoirí a thagarmharcanna nó d'fheidhmiú rianúil na margaí; nó

(b) 

tar éis sárú tromchúiseach a dhéanamh ar an reachtaíocht náisiúnta sa tríú tír nó ar fhorálacha eile is infheidhme ina leith sa tríú tír agus ar ar a bhonn sin a ghlac an Coimisiún an cinneadh cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 30(2) nó (3).

Airteagal 31 2.

Ní ghlacfaidh ÚEUM cinneadh faoi mhír 1 ach sa chás go gcomhlíontar na coinníollacha seo leanas:

(a) 

gur chuir ÚEUM an cheist faoi bhráid údarás inniúil an tríú tír agus nár ghlac an t-údarás inniúil sin na bearta iomchuí atá ag teastáil chun infheisteoirí agus feidhmiú rianúil na margaí san Aontas a chosaint nó gur mhainnigh sé a léiriú go gcomhlíonann an riarthóir lena mbaineann na ceanglais is infheidhme maidir leis sa tríú tír;

(b) 

gur chuir ÚEUM, 30 lá ar a laghad roimh é a tharraingt siar, in iúl don údarás inniúil sa tríú tír go bhfuil sé beartaithe aige clárú an riarthóra a tharraingt siar.

Airteagal 31 3.
Cuirfidh ÚEUM aon bheart a ghlacfar i gcomhréir le mír 1 in iúl gan mhoill do na húdaráis inniúla eile agus foilseoidh sé a chinneadh ar a shuíomh gréasáin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32016R1011
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.