+Airteagal 35 Údarú nó clárú a tharraingt siar nó a fhionraí
---+Airteagal 35 1.
---+Airteagal 35 2.
---+Airteagal 35 3.
---+Airteagal 35 4.

Airteagal 35 Údarú nó clárú a tharraingt siar nó a fhionraí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 35 1.

Féadfaidh údarás inniúil údarú nó clárú riarthóra a tharraingt siar nó a fhionraí más amhlaidh i gcás an riarthóra:

(a) 

go ndéanann sé an t-údarú nó an clárú a thréigean go sainráite nó nach bhfuil tagarmharc ar bith curtha ar fáil aige sa 12 mhí roimhe sin;

(b) 

go bhfuil an t-údarú nó an clárú faighte aige, nó tagarmharc formhuinithe aige, trí ráitis bhréagacha a dhéanamh nó ar aon mhodh neamhrialta eile;

(c) 

nach gcomhlíonann sé a thuilleadh na coinníollacha faoinar údaraíodh nó faoinar cláraíodh é; nó

(d) 

gur sháraigh sé forálacha an Rialacháin seo go tromchúiseach nó arís agus arís eile.

Airteagal 35 2.
Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra d'ÚEUM faoina chinneadh laistigh de chúig lá oibre ón dáta a nglacfar an cinneadh sin.

Déanfaidh ÚEUM an clár dá bhforáiltear in Airteagal 36 a nuashonrú go pras.

Airteagal 35 3.
Tar éis cinneadh a ghlacadh chun údarú nó clárú riarthóra a fhionraí, agus sa chás gur teagmhas force majeure a bheadh mar thoradh ar thagarmharc a scor, nó go ndéanfaidh sé téarmaí conartha airgeadais nó ionstraime airgeadais, nó na rialacha maidir le haon chiste infheistíochta, a thagraíonn don tagarmharc sin, mar a shonraítear sa ghníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 51(6), a chur ó rath nó a shárú ar aon slí eile, féadfaidh údarás inniúil ábhartha an Bhallstáit ina bhfuil an riarthóir lonnaithe soláthar an tagarmhairc i dtrácht a cheadú go dtí go mbeidh an cinneadh maidir le fionraí tarraingthe siar. I rith na tréimhse ama sin, ní cheadófar d'eintitis faoi mhaoirseacht an tagarmharc sin a úsáid ach amháin i gcomhair conarthaí airgeadais, ionstraimí airgeadais agus cistí infheistíochta a thagraíonn cheana féin don tagarmharc.
Airteagal 35 4.
Tar éis cinneadh maidir le haistarraingt údarú nó clárú riarthóra a ghlacadh, beidh feidhm ag Airteagal 28(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32016R1011
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.