|
+Airteagal 45 2. |
Airteagal 45 2.I gcás ina measann údarás inniúil go mbeadh foilsiú chéannacht an duine dhlítheanaigh, nó foilsiú sonraí pearsanta duine nádúrtha, míréireach tar éis measúnú cás ar chás a dhéanamh ar chomhréireacht fhoilsiú na sonraí sin, nó i gcás ina gcuirfí cobhsaíocht na margaí airgeadais nó imscrúdú atá idir lámha i mbaol le foilsiú den sórt sin, déanfaidh an t-údarás inniúil aon cheann de na nithe seo a leanas:
(a)
foilsiú an chinnidh a iarchur go dtí an tráth nach ann a thuilleadh do na cúiseanna leis an iarchur sin;
(b)
an cinneadh a fhoilsiú i ndíth ainm i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, má áirithítear cosaint éifeachtach ar na sonraí pearsanta lena mbaineann le foilsiú i ndíth ainm den sórt sin.
(c)
gan an cinneadh a fhoilsiú ar chor ar bith i gcás gurb é tuairim an údaráis inniúil go mbeidh foilsiú i gcomhréir le pointe (a) nó le pointe (b) neamhleor chun a áirithiú:
(i)
nach gcuirtear cobhsaíocht na margaí airgeadais i mbaol; nó
(ii)
go bhfuil foilsiú na gcinntí sin comhréireach a mhéid a bhaineann le bearta a meastar gur bearta miona ó thaobh a nádúir iad. I gcás ina gcinneann údarás inniúil cinneadh a fhoilsiú i ndíth ainm amhail dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, féadfaidh sé foilsiú na sonraí ábhartha a chur siar go ceann tréimhse ama réasúnach i gcás ina bhfuil sé intuartha go scoirfidh na cúiseanna atá le foilsiú i ndíth ainm de bheith ann i rith na tréimhse sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|