2. Maidir le margadhluach comhiomlán ionstraimí airgeadais DLT uile a ligtear isteach chun a dtrádála ar bhonneagar margaidh DLT nó a thaifeadtar ar bhonneagar margaidh DLT, ní rachaidh siad thar EUR 6 bhilliún tráth a ligin isteach chun trádála, nó tráth chéad taifeadta ionstraim airgeadais nua DLT.
I gcás ina shroichfeadh an margadhluach comhiomlán dá dtagraítear sa chéad fhomhír EUR 6 bhilliún mar thoradh ar ionstraim airgeadais DLT a ligean isteach chun trádála nó mar thoradh ar thaifeadadh ionstraim airgeadais nua DLT, le bonneagar margaidh DLT, ní dhéanfar an ionstraim airgeadais DLT sin a ligean isteach chun trádála nó í a thaifeadadh.