3. I gcás ina shroichfeadh margadhluach comhiomlán ionstraimí airgeadais DLT uile a ligtear isteach chun a dtrádála ar bhonneagar margaidh DLT nó a thaifeadtar ar bhonneagar margaidh DLT EUR 9 mbilliún, gníomhachtóidh oibreoir bhonneagar margaidh DLT an straitéis aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 7(7). Tabharfaidh oibreoir bhonneagar margaidh DLT fógra don údarás inniúil faoi ghníomhachtú a straitéise aistrithe agus faoin amscála le haghaidh an aistrithe sa tuarascáil mhíosúil dá bhforáiltear i mír 5.