3. Arna iarraidh sin d’oibreoir MTF DLT, féadfaidh an t-údarás inniúil an t-oibreoir sin nó a chomhaltaí nó a rannpháirtithe a dhíolmhú ó Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014.
I gcás ina ndeonaíonn an t-údarás inniúil díolúine dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh MTF DLT taifid de na hidirbhearta uile a chuirfear i gcrích trína córais a choimeád. Beidh na sonraí uile a shonraítear in Airteagal 26(3) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 sna taifid sin, ar sonraí iad atá ábhartha maidir leis an gcóras arna úsáid ag MTF DLT agus an comhalta nó an rannpháirtí a bhfuil an t-idirbheart á dhéanamh aige. Áiritheoidh MTF DLT freisin go mbeidh rochtain dhíreach, láithreach ar na sonraí sin ag na húdaráis inniúla atá i dteideal na sonraí a fháil go díreach ón tsaoráid trádála iltaobhach i gcomhréir le hAirteagal 26 den Rialachán sin. Chun rochtain a fháil ar na taifid sin, déanfar údarás inniúil den sórt sin a ligean isteach chuig MTF DLT mar bhreathnóir rialála rannpháirteach.
Déanfaidh an t-údarás inniúil aon fhaisnéis a raibh rochtain aige air i gcomhréir leis an Airteagal seo a chur ar fáil do ESMA gan moill mhíchuí.