9. Maidir le CSDanna a bhfuil SS DLT á oibriú acu agus nach gceadaítear dóibh ach SS DLT a oibriú faoi Airteagal 9(2) den Rialachán seo agus nach léirítear ina straitéisí aistrithe go bhfuil sé ar intinn acu údarú a fháil chun córas socraíochta urrús a oibriú faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, agus gnólachtaí infheistíochta nó oibreoirí margaidh a bhfuil TSS DLT á oibriú acu, déanfaidh siad a ndícheall socruithe a thabhairt i gcrích le CSDanna a bhfuil córas socraíochta urrús á oibriú acu chun ceannas a ghlacadh ar a n-oibríochtaí, agus sonróidh siad na socruithe sin ina straitéisí aistrithe.
Maidir le CSDanna a bhfuil córas socraíochta urrús á oibriú acu agus a gheobhaidh iarraidh chun na socruithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a thabhairt i gcrích, tabharfaidh siad freagra laistigh de 3 mhí ón dáta a bhfaighfear an t-iarratas. Déanfaidh CSD a bhfuil an córas socraíochta urrús á oibriú aici na socruithe a thabhairt i gcrích ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus féadfaidh sí táille tráchtála réasúnta a ghearradh bunaithe ar chostais iarbhír. Ní dhiúltóidh CSD don iarraidh sin ach amháin i gcás ina measfaidh sí go ndéanfadh na socruithe difear d’fheidhmiú réidh agus rianúil na margaí airgeadais nó go mbeidís ina siocair le riosca sistéamach. Ní fhéadfaidh sí diúltú d’iarraidh ar na forais go gcaillfear sciar den mhargadh. Má dhiúltaíonn sí d’iarraidh, déanfaidh sí na cúiseanna atá aici a chur in iúl i scríbhinn d’oibreoir bhonneagar margaidh DLT a rinne an iarraidh.