3. I gcás, mar a thagraítear dó i mír 2 den Airteagal seo, ina ndéanfaidh duine dlítheanach iarratas go comhuaineach ar údarú mar ghnólacht infheistíochta, nó ar údarú chun margadh rialáilte a oibriú agus iarratas ar chead sonrach, cuirfidh sé isteach ina iarratas an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 7 de Threoir 2014/65/AE, seachas faisnéis a bheadh riachtanach chun comhlíonadh na ceanglais ar iarr an t-iarratasóir díolúine ina leith i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialachán seo a léiriú.