5. De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, déanfaidh iarratasóir a bhfuil sé beartaithe aige TSS DLT a oibriú mar ghnólacht infheistíochta nó mar oibreoir margaidh, an fhaisnéis a thíolacadh faoin gcaoi a bhfuil sé beartaithe aige ceanglais infheidhme Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 dá dtagraítear in Airteagal 6(1) den Rialachán seo a chomhlíonadh, seachas faisnéis a bheadh riachtanach chun comhlíonadh na n-oibleagáidí ar iarr an t-iarratasóir díolúine ina leith i gcomhréir leis an Airteagal sin a léiriú.
De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, déanfaidh iarratasóir a mbeidh sé beartaithe aige TSS DLT a oibriú mar CSD an fhaisnéis a thíolacadh maidir leis an gcaoi a mbeidh sé beartaithe aige ceanglais infheidhme Threoir 2014/65/AE dá dtagraítear in Airteagal 6(2) den Rialachán seo a chomhlíonadh, seachas faisnéis a bheadh riachtanach chun comhlíonadh na n-oibleagáidí ar iarr an t-iarratasóir díolúine ina leith i gcomhréir leis an Airteagal sin a léiriú.