+Airteagal 10 Cead sonrach chun TSS DLT a oibriú
---+Airteagal 10 1
---+Airteagal 10 2
---+Airteagal 10 3
---+Airteagal 10 4
---+Airteagal 10 5
---+Airteagal 10 6
---+Airteagal 10 7
---+Airteagal 10 8
---+Airteagal 10 9
---+Airteagal 10 10
---+Airteagal 10 11
---+Airteagal 10 12
---+Airteagal 10 13
|
Airteagal 10 Cead sonrach chun TSS DLT a oibriú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10 1
|
1. Féadfaidh duine dlítheanach atá údaraithe mar ghnólacht infheistíochta nó atá údaraithe chun margadh rialáilte a oibriú faoi Threoir 2014/65/AE, nó atá údaraithe mar CSD faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 cead sonrach a iarraidh chun TSS DLT a oibriú faoin Rialachán seo.
|
|
Airteagal 10 2
|
2. I gcás ina ndéanfaidh duine dlítheanach iarratas ar údarú mar ghnólacht infheistíochta, nó ar údarú chun margadh rialáilte a oibriú faoi Threoir 2014/65/AE, nó ar údarú mar CSD faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 agus, go comhuaineach, ina ndéanfaidh sé iarratas ar chead sonrach faoin Airteagal seo, chun TSS DLT a oibriú, agus chun na críche sin amháin, ní dhéanfaidh an t-údarás inniúil a mheas an gcomhlíonann an t-iarratasóir na ceanglais sin de Threoir 2014/65/AE nó na ceanglais de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a ndearnadh an t-iarratasóir iarraidh ar dhíolúine ina leith i gcomhréir le hAirteagal 6 den Rialachán seo.
|
|
Airteagal 10 3
|
3. Más rud é, mar a thagraítear dó i mír 2 den Airteagal seo, ina ndéanfaidh duine dlítheanach iarratas go comhuaineach ar údarú mar ghnólacht infheistíochta, nó ar údarú chun margadh rialáilte a oibriú, nó ar údarú mar CSD, agus ar iarratas ar chead sonrach, cuirfidh sé isteach ina iarratas an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 7 de Threoir 2014/65/AE nó d’Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 faoi seach, seachas faisnéis a bheadh riachtanach chun comhlíonadh na ceanglais ar iarr an t-iarratasóir díolúine ina leith i gcomhréir le hAirteagal 6 den Rialachán seo a léiriú.
|
|
Airteagal 10 4
|
4. Beidh an fhaisnéis seo a leanas in iarratas ar chead sonrach chun SS DLT a oibriú faoin Rialachán seo:
|
(a)
|
plean gnó an iarratasóra, rialacha TSS DLT agus aon téarmaí dlíthiúla dá dtagraítear in Airteagal 7(1) chomh maith leis an bhfaisnéis maidir le feidhmiú, seirbhísí agus gníomhaíochtaí TSS DLT dá dtagraítear in Airteagal 7(3);
|
|
(b)
|
tuairisc ar fheidhmiú na teicneolaíochta mórleabhar dáilte a úsáidtear, dá dtagraítear in Airteagal 7(2);
|
|
(c)
|
tuairisc ar shocruithe teicneolaíochta faisnéise agus cibearshocruithe foriomlána an iarratasóra dá dtagraítear in Airteagal 7(4);
|
|
(d)
|
fianaise go bhfuil coimircí stuamachta curtha i bhfeidhm ag an iarratasóir chun freastal ar a chuid dliteanas agus chun cúiteamh a thabhairt dá chliaint, dá dtagraítear in Airteagal 7(6), an tríú fomhír;
|
|
(e)
|
i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar na socruithe slánchoinneála maidir le hionstraimí airgeadais DLT de chuid cliant dá dtagraítear in Airteagal 7(5);
|
|
(f)
|
tuairisc ar na socruithe chun cosaint infheisteoirí a áirithiú agus tuairisc ar na sásraí chun gearáin agus sásamh ó chliaint a láimhseáil, dá dtagraítear in Airteagal 7(6), an dara fomhír;
|
|
(g)
|
straitéis aistrithe an iarratasóra; agus
|
|
(h)
|
na díolúintí atá á n-iarraidh ag an iarratasóir faoi Airteagal 6, an t-údar cuí a bhaineann le gach díolúine atá á hiarraidh agus aon bheart cúiteach a mholtar agus na modhanna atá beartaithe ag an iarratasóir chun na coinníollacha a ghabhann leis na díolúintí sin a chomhlíonadh.
|
|
|
Airteagal 10 5
|
5. De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, déanfaidh iarratasóir a bhfuil sé beartaithe aige TSS DLT a oibriú mar ghnólacht infheistíochta nó mar oibreoir margaidh, an fhaisnéis a thíolacadh faoin gcaoi a bhfuil sé beartaithe aige ceanglais infheidhme Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 dá dtagraítear in Airteagal 6(1) den Rialachán seo a chomhlíonadh, seachas faisnéis a bheadh riachtanach chun comhlíonadh na n-oibleagáidí ar iarr an t-iarratasóir díolúine ina leith i gcomhréir leis an Airteagal sin a léiriú.
De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, déanfaidh iarratasóir a mbeidh sé beartaithe aige TSS DLT a oibriú mar CSD an fhaisnéis a thíolacadh maidir leis an gcaoi a mbeidh sé beartaithe aige ceanglais infheidhme Threoir 2014/65/AE dá dtagraítear in Airteagal 6(2) den Rialachán seo a chomhlíonadh, seachas faisnéis a bheadh riachtanach chun comhlíonadh na n-oibleagáidí ar iarr an t-iarratasóir díolúine ina leith i gcomhréir leis an Airteagal sin a léiriú.
|
|
Airteagal 10 6
|
6. Faoin 23 Márta 2023, forbróidh ESMA treoirlínte chun foirmeacha caighdeánacha, formáidí caighdeánacha agus teimpléid chaighdeánacha a bhunú chun críocha mhír 4.
|
|
Airteagal 10 7
|
7. Laistigh de 30 lá oibre ón dáta a fhaightear iarratas ar chead sonrach chun TSS DLT a oibriú, déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú i dtaobh an bhfuil an t-iarratas comhlánaithe. Mura mbeidh an t-iarratas comhlánaithe, leagfaidh an t-údarás inniúil teorainn ama síos faoina gcaithfidh an t-iarratasóir an fhaisnéis atá ar iarraidh nó aon fhaisnéis bhreise a sholáthar. Cuirfidh an t-údarás inniúil an t-iarratasóir ar an eolas nuair a mheasfar an t-iarratas a bheith comhlánaithe.
A luaithe a mheasfaidh an t-údarás inniúil go bhfuil an t-iarratas comhlánaithe, cuirfidh sé cóip den iarratas sin chuig:
|
(b)
|
na húdaráis ábhartha a shonraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014.
|
|
|
Airteagal 10 8
|
8. I gcás inar gá sin chun comhsheasmhacht agus comhréireacht díolúintí a chur chun cinn, nó i gcás inar gá sin chun cosaint infheisteoirí, sláine an mhargaidh agus cobhsaíocht airgeadais a áirithiú, soláthróidh ESMA tuairim neamhcheangailteach don údarás inniúil maidir leis na díolúintí arna n-iarraidh nó maidir le leormhaitheas chineál na teicneolaíochta mórleabhar dáilte a úsáidtear chun críocha an Rialacháin seo, laistigh de 30 lá féilire ón uair a gheobhaidh sé an chóip den iarratas sin.
Sula n-eiseoidh sé tuairim neamhcheangailteach, rachaidh ESMA i gcomhairle le húdaráis inniúla na mBallstát eile agus cuirfidh sé a dtuairimí go mór san áireamh agus a thuairim á heisiúint aige.
I gcás ina n-eiseoidh ESMA tuairim neamhcheangailteach, tabharfaidh an t-údarás inniúil aird chuí ar an tuairim sin agus tabharfaidh sé ráiteas do ESMA maidir le haon imeacht suntasach ón tuairim sin má iarrann ESMA amhlaidh. Ní dhéanfar tuairim ESMA ná ráiteas an údaráis inniúil a phoibliú.
Tabharfaidh na húdaráis ábhartha a shonraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 tuairim neamhcheangailteach don údarás inniúil maidir leis na gnéithe den TSS DLT a oibríonn an t-iarratasóir laistigh de 30 lá féilire tar éis dóibh cóip den iarratas sin a fháil.
|
|
Airteagal 10 9
|
9. Laistigh de 90 lá oibre ón dáta a fhaightear iarratas comhlánaithe ar chead sonrach chun TSS DLT a oibriú, déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú ar an iarratas agus cinnfidh sé i dtaobh an ndeonófar an cead sonrach. I gcás ina ndéanfaidh iarratasóir iarratas go comhuaineach ar údarú faoi Threoir 2014/65/AE nó faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 agus ar chead sonrach faoin Rialachán seo, féadfar ré an mheasúnaithe a fhadú go ceann tréimhse breise suas go dtí an ré dá bhforáiltear in Airteagal 7(3) de Threoir 2014/65/EU nó d’Airteagal 17(8) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 faoi seach.
|
|
Airteagal 10 10
|
10. Gan dochar d’Airteagail 7 agus 44 de Threoir 2014/65/EU agus d’Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, diúltóidh an t-údarás inniúil cead sonrach chun TSS DLT a oibriú a dheonú má tá forais ann chun an méid seo a leanas a chreidiúint:
|
(a)
|
gur ann do rioscaí suntasacha do chosaint infheisteoirí, do shláine an mhargaidh nó do chobhsaíocht airgeadais nach bhfuil aghaidh tugtha ag an iarratasóir orthu ná maolaithe mar is ceart aige;
|
|
(b)
|
go bhfuil cead sonrach chun TSS DLT a oibriú agus na díolúintí iarrtha á lorg chun dul timpeall ar cheanglais dhlíthiúla nó rialála; nó
|
|
(c)
|
nach mbeidh oibreoir TSS DLT in ann na forálacha is infheidhme de dhlí an Aontais nó le forálacha den dlí náisiúnta nach dtagann faoi raon feidhme Dhlí an Aontais a chomhlíonadh nó nach lamhálfaidh sé dá úsáideoirí na forálacha sin a chomhlíonadh.
|
|
|
Airteagal 10 11
|
11. Beidh cead sonrach bailí ar fud an Aontais ar feadh tréimhse suas le sé bliana ó dháta na heisiúna. Sonrófar sa chead sonrach na díolúintí a dheonaítear i gcomhréir le hAirteagal 6, aon bhearta cúitimh agus aon tairseacha níos ísle arna socrú ag an údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 3(6).
Cuirfidh an t-údarás inniúil ESMA agus na húdaráis ábhartha a shonraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 sin ar an eolas gan mhoill maidir le cead sonrach a thabhairt, a dhiúltú nó a tharraingt siar faoin Airteagal seo, lena n-áirítear aon fhaisnéis a shonraítear faoin gcéad fhomhír den mhír sin.
Foilseoidh ESMA ar a shuíomh gréasáin:
|
(a)
|
liosta de TSSanna DLT, dátaí tosaithe agus críochnaithe na gceadanna sonracha, liosta na ndíolúintí a dheonaítear do gach ceann díobh, agus aon tairseacha níos ísle a leagann na húdaráis inniúla síos do gach ceann díobh; agus
|
|
(b)
|
líon iomlán na n-iarratas ar dhíolúintí a rinneadh faoi Airteagal 6, ina sonraítear líon agus cineálacha na ndíolúintí a ghlactar nó a dhiúltaítear, in éineacht leis na boinn chirt d’aon diúltuithe.
|
Foilseofar an fhaisnéis dá dtagraítear sa tríú fomhír, pointe (b), ar bhonn anaithnid.
|
|
Airteagal 10 12
|
12. Gan dochar d’Airteagail 8 agus 44 de Threoir 2014/65/AE agus d’Airteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh 909/2014, tarraingeoidh an t-údarás inniúil siar cead sonrach nó aon díolúintí gaolmhara más rud é:
|
(a)
|
gur aimsíodh locht i bhfeidhmiú chineál na teicneolaíochta mórleabhar dáilte nó sna seirbhísí agus sna gníomhaíochtaí arna soláthar ag CSD a oibríonn SS DLT ar baol é do chosaint infheisteoirí, sláine an mhargaidh, nó cobhsaíocht airgeadais, agus gur mó é an baol ná sochair na seirbhísí agus na ngníomhaíochtaí faoi thástáil;
|
|
(b)
|
gur sháraigh oibreoir TSS DLT na coinníollacha a bhaineann leis na díolúintí;
|
|
(c)
|
gur admhaigh oibreoir TSS DLT go raibh ionstraimí airgeadais á dtrádáil nó á dtaifeadadh aige nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3(1);
|
|
(d)
|
gur sháraigh oibreoir TSS DLT an tairseach dá dtagraítear in Airteagal 3(2);
|
|
(e)
|
gur sháraigh oibreoir TSS DLT na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 3(3) agus nach ndearna an straitéis aistrithe a ghníomhachtú; nó
|
|
(f)
|
go bhfuair oibreoir TSS DLT an cead sonrach nó díolúintí gaolmhara ar bhonn faisnéis mhíthreorach nó easnamh ábhartha.
|
|
|
Airteagal 10 13
|
13. I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag oibreoir TSS DLT athrú ábhartha a thabhairt isteach ar fheidhmiú na teicneolaíochta mórleabhar dáilte arna húsáid, nó ar sheirbhísí nó gníomhaíochtaí an oibreora sin, agus ina n-éilítear cead sonrach nua leis an athrú ábhartha sin, iarrfaidh oibreoir TSS DLT cead sonrach nua, nó modhnú ar cheann amháin nó níos mó de dhíolúintí an oibreora atá ann cheana nó ar aon choinníollacha a ghabhann le díolúine, iarrfaidh oibreoir MTF DLT cead, díolúine nó modhnú sonrach nua.
I gcás ina n-iarrann oibreoir TSS DLT, cead nó díolúine nua le linn a ghníomhaíochta, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 6. Déanfaidh an t-údarás inniúil an iarraidh sin a phróiseáil, i gcomhréir leis an Airteagal sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 02.06.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32022R0858
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|