+Airteagal 14 Tuairisciú agus athbhreithniú
---+Airteagal 14 1
---+Airteagal 14 2
|
Airteagal 14 Tuairisciú agus athbhreithniú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 14 1
|
1. Faoin 24 Márta 2026, cuirfidh ESMA tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
feidhmiú bhonneagair margaidh DLT ar fud an Aontais;
|
|
(b)
|
líon bhonneagair mhargaidh DLT;
|
|
(c)
|
cineálacha na ndíolúintí arna n-iarraidh ag bonneagair mhargaidh DLT agus cineálacha na ndíolúintí a dheonaítear;
|
|
(d)
|
líon agus luach ionstraimí airgeadais DLT a ligtear isteach chun a dtrádála agus a thaifeadtar ar bhonneagair mhargaidh DLT;
|
|
(e)
|
líon agus luach na n-idirbheart arna dtrádáil nó arna socrú ar bhonneagair mhargaidh DLT;
|
|
(f)
|
cineálacha na teicneolaíochta mórleabhar dáilte a úsáidtear agus saincheisteanna teicniúla a bhaineann le teicneolaíocht mórleabhar dáilte a úsáid, lena n-áirítear na hábhair a liostaítear in Airteagal 11(1), an dara fomhír, pointe (b), agus maidir leis an tionchar a bhíonn ag úsáid na teicneolaíochta mórleabhar dáilte ar chuspóirí bheartas aeráide an Aontais;
|
|
(g)
|
na nósanna imeachta arna gcur ar bun ag oibreoirí SSanna DLT nó TSSanna DLT i gcomhréir le hAirteagal 5(3), pointe (b);
|
|
(h)
|
aon rioscaí, leochaileachtaí nó neamhéifeachtúlachtaí a bhaineann le húsáid na teicneolaíochta mórleabhar dáilte maidir le cosaint infheisteoirí, sláine an mhargaidh nó cobhsaíocht airgeadais, lena n-áirítear aon chineálacha nua rioscaí dlíthiúla, córasacha agus oibríochtúla, nach dtugtar aghaidh leordhóthanach orthu ag reachtaíocht sheirbhísí airgeadais an Aontais, agus aon éifeachtaí neamhbheartaithe ar leachtacht, luaineacht, cosaint infheisteoirí, sláine an mhargaidh nó cobhsaíocht airgeadais;
|
|
(i)
|
aon rioscaí maidir le harbatráiste rialála nó saincheisteanna maidir le cothroime iomaíochta idir bonneagair mhargaidh DLT faoin gcóras píolótach dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus idir bonneagair mhargaidh DLT agus bonneagair eile mhargaidh ina n-úsáidtear córais leagáide;
|
|
(j)
|
aon saincheisteanna a bhaineann le hidir-inoibritheacht idir bonneagair mhargaidh DLT agus bonneagair eile a bhfuil córais leagáide á n-úsáid acu;
|
|
(k)
|
aon tairbhí agus costais a thagann as úsáid a bhaint as teicneolaíocht mórleabhar dáilte i dtéarmaí leachtacht agus maoiniú breise do ghnólachtaí nuathionscanta agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, feabhsú sábháilteachta agus éifeachtúlachta, ídiú leictreachais agus maolú riosca tríd an tslabhra trádála agus iarthrádála, lena n-áirítear riosca maidir le hionstraimí airgeadais DLT a thaifeadadh agus a choinneáil slán, inrianaitheacht idirbheart agus feabhas ar chomhlíontacht le próisis “bíodh aithne agat ar do chustaiméirí” agus próisis frithsciúrtha airgid, gníomhaíochtaí corparáideacha agus feidhmiú díreach cearta infheisteoirí trí bhíthin conarthaí cliste, feidhmeanna tuairiscithe agus maoirseachta ar leibhéal an bhonneagair margaidh DLT;
|
|
(l)
|
aon diúltú do cheadanna sonracha nó díolúintí a thabhairt, aon mhodhnú nó tarraingt siar ar cheadanna sonracha nó díolúintí den sórt sin chomh maith le modhnú nó tarraingt siar ar bhearta cúiteacha nó ceartaitheacha;
|
|
(m)
|
aon scor gnó ag bonneagar margaidh DLT agus na cúiseanna a bhaineann leis an scor gnó sin;
|
|
(n)
|
oiriúnacht na dtairseach dá dtagraítear amach in Airteagal 3 agus in Airteagal 5(8), lena n-áirítear na himpleachtaí a d’fhéadfadh teacht as méadú ar na tairseacha sin, ag cur san áireamh, go háirithe, breithnithe sistéamacha agus cineálacha éagsúla teicneolaíochta mórleabhar dáilte; agus
|
|
(o)
|
measúnú foriomlán ar na costais agus na tairbhí a bhaineann leis an gcóras píolótach dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus moladh maidir le cibé ar cheart leanúint ar aghaidh leis an gcóras píolótach seo agus cé na coinníollacha ba cheart a bheith ann.
|
|
|
Airteagal 14 2
|
2. Ar bhonn na tuarascála dá dtagraítear i mír 1, laistigh de thrí mhí ón tuarascáil sin a fháil, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh sa tuarascáil ón gCoimisiún anailís costais is tairbhe ar cheart maidir leis an gcóras píolótach dá bhforáiltear sa Rialachán seo:
|
(a)
|
fad a chur léi ar feadh tréimhse breise suas go dtí trí bliana;
|
|
(b)
|
cineálacha eile ionstraim airgeadais a chumhdach leis, arb ionstraimí iad is féidir a eisiúint, a thaifeadadh, a aistriú nó a stóráil agus teicneolaíocht mórleabhar dáilte á húsáid;
|
|
(d)
|
é a dhéanamh buan trí leasuithe iomchuí ar reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais; nó
|
|
(e)
|
é a fhoirceannadh, lena n-áirítear na ceadanna sonracha go léir arna ndeonú faoin Rialachán seo;
|
Ina thuarascáil, féadfaidh an Coimisiún aon leasú iomchuí ar reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais nó ar chomhchuibhiú dlíthe náisiúnta a mholadh lena n-éascófaí úsáid na teicneolaíochta mórleabhar dáilte san earnáil airgeadais chomh maith le húsáid aon bheart a bhfuil gá leis chun bonneagair mhargaidh DLT a aistriú ón gcóras píolótach dá bhforáiltear sa Rialachán seo.
I gcás ina gcuirfear síneadh leis an gcóras píolótach seo ar feadh tréimhse breise dá bhforáiltearsa chéad fhomhír, pointe (a), den mhír seo, iarrfaidh an Coimisiún ar ESMA tuarascáil bhreise a thíolacadh i gcomhréir le mír 1 tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh na tréimhse fadaithe. Tar éis dó an tuarascáil sin a fháil ó ESMA, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhreise faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i gcomhréir leis an mír seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 02.06.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32022R0858
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|