|
+Airteagal 16 Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 |
Airteagal 16 Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014Airteagal 16 Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 In Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre: “Má chinneann an Coimisiún nach gá díorthaigh a thrádáiltear ar mhalartán a eisiamh ó raon feidhme Airteagail 35 agus 36 i gcomhréir le hAirteagal 52(12), féadfaidh CCP nó ionad trádála, roimh an 22 Meitheamh 2022, iarratas a dhéanamh chuig a údarás inniúil ar chead leas a bhaint as socruithe idirthréimhseacha. Féadfaidh an t-údarás inniúil, agus na rioscaí d’fheidhmiú ordúil CCP ábhartha nó an ionaid trádála a eascraíonn as cur i bhfeidhm na gceart rochtana faoi Airteagal 35 nó faoi Airteagal 36 maidir le díorthaigh a thrádáiltear ar mhalartán á gcur san áireamh, a chinneadh nach bhfuil feidhm ag Airteagal 35 nó Airteagal 36 maidir le CCP ábhartha nó leis an ionad trádála, faoi seach, maidir le díorthaigh a thrádáiltear ar mhalartán, ar feadh idirthréimhse go dtí an 3 Iúil 2023. I gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil idirthréimhse den sórt sin a fhormheas, ní bhainfidh CCP ná an t-ionad trádála leas as na cearta rochtana faoi Airteagal 35 nó faoi Airteagal 36 maidir le díorthaigh a thrádáiltear ar mhalartán ar feadh thréimhse na hidirthréimhse. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra do ESMA agus, i gcás CCP, do choláiste na n-údarás inniúil do CCP den sórt sin, ón uair a fhormheasann sé idirthréimhse.”. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|