|
+Airteagal 10 1. |
Airteagal 10 1.I gcás gach ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a bhainistíonn siad, úsáidfidh bainisteoirí um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach nósanna imeachta chun tomhas a dhéanamh ar an méid a mbeidh an iarmhairt shóisialta dhearfach a bhfuil siad tiomanta dó bainte amach ag na gnóthais phunainne cháilitheacha, ina n-infheistíonn an ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach. Déanfaidh na bainisteoirí a áirithiú go bhfuil na nósanna imeachta soiléir agus trédhearcach agus go bhfuil táscairí ar áireamh iontu a bhféadfadh sé, ag brath ar an gcuspóir sóisialta agus nádúr an ghnóthais punainne cháilithigh, go mbeidh ceann amháin nó níos mó de na hábhair seo a leanas ar áireamh iontu:
(a)
fostaíocht agus margaí saothair;
(b)
caighdeáin agus cearta atá gaolmhar le cáilíocht poist;
(c)
cuimsiú sóisialta agus cosaint grúpaí áirithe;
(d)
cóir chomhionannais, comhdheiseanna agus neamh-idirdhealú;
(e)
sláinte agus sábháilteacht phoiblí;
(f)
rochtain agus éifeachtaí ar chosaint shóisialta agus ar chórais sláinte agus oideachais. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|