|
+Airteagal 14 1. |
Airteagal 14 1.Cuirfidh bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha, i ndáil leis na cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha atá á mbainistiú acu, a n-infheisteoirí ar an eolas, sula ndéanfaidh na hinfheisteoirí cinneadh infheistíochta, ar bhealach soiléir agus intuigthe faoi na gnéithe seo a leanas ar a laghad sula ndéanfaidh siad cinneadh infheistíochta:
(a)
céannacht bhainisteora agus aon soláthraithe seirbhísí eile atá faoi chonradh ag an mbainisteoir sin maidir lena mbainistíocht, agus tuairisc ar a ndualgais;
(b)
méid na gcistí dílse atá ar fáil ag an mbainisteoir sin chun cothabháil a dhéanamh ar na hacmhainní daonna agus teicniúla leordhóthanacha is gá chun a chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a bhainistiú go cuí;
(c)
tuairisc ar straitéis infheistíochta agus ar chuspóirí an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh, lena n-áirítear:
(i)
na cineálacha gnóthas punainne cáilitheach ina mbeartaíonn sé infheistiú;
(ii)
aon chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach eile ina bhfuil sé beartaithe aige infheistiú;
(iii)
na cineálacha gnóthas punainne cáilitheach ina bhfuil sé beartaithe ag aon chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach eile, amhail dá dtagraítear i bpointe (ii), infheistíocht a dhéanamh;
(iv)
na hinfheistíochtaí neamhcháilitheacha a bheartaíonn sé a dhéanamh;
(v)
na teicnící a bheartaíonn sé a úsáid; agus
(vi)
aon srianta infheistíochta is infheidhme;
(d)
an tionchar sóisialta dearfach a bhfuil beartas infheistíochta an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh dírithe air, lena n-áirítear nuair is ábhartha, réamh-mheastacháin ar na torthaí sin de réir mar is réasúnta, agus faisnéis faoi fheidhmíocht go dtí seo sa réimse sin;
(e)
na modheolaíochtaí atá le húsáid chun an tionchar sóisialta a thomhas;
(f)
tuairisc ar na sócmhainní seachas gnóthais phunainne cháilitheacha agus an próiseas agus na critéir a úsáidtear chun na sócmhainní sin a roghnú murar airgead tirim nó coibhéisí airgid iad;
(g)
tuairisc ar phróifíl riosca an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh agus aon rioscaí a bhaineann leis na sócmhainní inar féidir leis an gciste infheistíocht a dhéanamh nó na teicníochtaí infheistíochta is féidir a úsáid;
(h)
tuairisc ar nós imeachta luachála an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh agus ar an modh praghsála chun sócmhainní a luacháil, lena n-áirítear na modhanna a úsáidtear chun gnóthais phunainne cháilitheacha a luacháil;
(i)
tuairisc ar an tslí a ríomhtar luach saothair an bhainisteora um chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh;
(j)
tuairisc ar na costais ábhartha go léir agus ar na huasmhéideanna díobh;
(k)
feidhmíocht airgeadais stairiúil an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh, má tá sí ar fáil;
(l)
na seirbhísí tacaíochta gnó agus na gníomhaíochtaí tacaíochta eile a bhfuil an bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheacht ag soláthar nó ag eagrú trí thríú páirtithe chun forbairt, fás nó oibriú leanúnach, i gcásanna áirithe, na ngnóthas punainne cáilitheach ina n-infheistíonn an ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a éascú nó, i gcás nach soláthraítear na seirbhísí nó na gníomhaíochtaí sin, míniú faoi sin;
(m)
tuairisc ar na nósanna imeachta trína bhféadfaidh an ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a straitéis infheistíochta nó a bheartas infheistíochta, nó an dá cheann acu, a athrú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|