+Airteagal 14
---+Airteagal 14 1.
---+Airteagal 14 2.
---+Airteagal 14 3.
---+Airteagal 14 4.

Airteagal 14

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 14 1.

Cuirfidh bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha, i ndáil leis na cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha atá á mbainistiú acu, a n-infheisteoirí ar an eolas, sula ndéanfaidh na hinfheisteoirí cinneadh infheistíochta, ar bhealach soiléir agus intuigthe faoi na gnéithe seo a leanas ar a laghad sula ndéanfaidh siad cinneadh infheistíochta:

(a) 

céannacht bhainisteora agus aon soláthraithe seirbhísí eile atá faoi chonradh ag an mbainisteoir sin maidir lena mbainistíocht, agus tuairisc ar a ndualgais;

▼M1

(b) 

méid na gcistí dílse atá ar fáil ag an mbainisteoir sin chun cothabháil a dhéanamh ar na hacmhainní daonna agus teicniúla leordhóthanacha is gá chun a chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a bhainistiú go cuí;

▼B

(c) 

tuairisc ar straitéis infheistíochta agus ar chuspóirí an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh, lena n-áirítear:

(i) 

na cineálacha gnóthas punainne cáilitheach ina mbeartaíonn sé infheistiú;

(ii) 

aon chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach eile ina bhfuil sé beartaithe aige infheistiú;

(iii) 

na cineálacha gnóthas punainne cáilitheach ina bhfuil sé beartaithe ag aon chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach eile, amhail dá dtagraítear i bpointe (ii), infheistíocht a dhéanamh;

(iv) 

na hinfheistíochtaí neamhcháilitheacha a bheartaíonn sé a dhéanamh;

(v) 

na teicnící a bheartaíonn sé a úsáid; agus

(vi) 

aon srianta infheistíochta is infheidhme;

(d) 

an tionchar sóisialta dearfach a bhfuil beartas infheistíochta an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh dírithe air, lena n-áirítear nuair is ábhartha, réamh-mheastacháin ar na torthaí sin de réir mar is réasúnta, agus faisnéis faoi fheidhmíocht go dtí seo sa réimse sin;

(e) 

na modheolaíochtaí atá le húsáid chun an tionchar sóisialta a thomhas;

(f) 

tuairisc ar na sócmhainní seachas gnóthais phunainne cháilitheacha agus an próiseas agus na critéir a úsáidtear chun na sócmhainní sin a roghnú murar airgead tirim nó coibhéisí airgid iad;

(g) 

tuairisc ar phróifíl riosca an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh agus aon rioscaí a bhaineann leis na sócmhainní inar féidir leis an gciste infheistíocht a dhéanamh nó na teicníochtaí infheistíochta is féidir a úsáid;

(h) 

tuairisc ar nós imeachta luachála an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh agus ar an modh praghsála chun sócmhainní a luacháil, lena n-áirítear na modhanna a úsáidtear chun gnóthais phunainne cháilitheacha a luacháil;

(i) 

tuairisc ar an tslí a ríomhtar luach saothair an bhainisteora um chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh;

(j) 

tuairisc ar na costais ábhartha go léir agus ar na huasmhéideanna díobh;

(k) 

feidhmíocht airgeadais stairiúil an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh, má tá sí ar fáil;

(l) 

na seirbhísí tacaíochta gnó agus na gníomhaíochtaí tacaíochta eile a bhfuil an bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheacht ag soláthar nó ag eagrú trí thríú páirtithe chun forbairt, fás nó oibriú leanúnach, i gcásanna áirithe, na ngnóthas punainne cáilitheach ina n-infheistíonn an ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a éascú nó, i gcás nach soláthraítear na seirbhísí nó na gníomhaíochtaí sin, míniú faoi sin;

(m) 

tuairisc ar na nósanna imeachta trína bhféadfaidh an ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a straitéis infheistíochta nó a bheartas infheistíochta, nó an dá cheann acu, a athrú.

Airteagal 14 2.
Beidh an fhaisnéis go léir dá dtagraítear i mír 1 cothrom, soiléir agus ní bheidh sí míthreorach. Coimeádfar í cothrom le dáta agus déanfar í a athbhreithniú go rialta i gcás inarb ábhartha.
Airteagal 14 3.
I gcás ina gceanglófar ar an mbainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach réamheolaire a fhoilsiú i gcomhréir le Treoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir leis an réamheolaire a bheidh le foilsiú nuair a tháirgfear urrúis don phobal nó nuair a ligfear isteach iad chun a dtrádála ( 4 ) nó i gcomhréir leis an dlí náisiúnta maidir leis an gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach, féadfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a thabhairt go leithleach nó mar chuid den réamheolaire.
Airteagal 14 4.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 agus sonrófar iontu:

(a) 

inneachar na faisnéise dá dtagraítear i bpointe (c) go pointe (f) agus pointe (l) de mhír 1 den Airteagal seo;

(b) 

an tslí is féidir an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (c) go pointe (f) agus i bpointe (l) de mhír 1 den Airteagal seo a chur i láthair ar shlí aonfhoirmeach d’fhonn an t-uasleibhéal inchomparáideachta a áirithiú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0346
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.