+Airteagal 19
---+Airteagal 19 1.
---+Airteagal 19 1a.
---+Airteagal 19 1b.
---+Airteagal 19 2.
---+Airteagal 19 3.

Airteagal 19

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 19 1.
Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo a mhaoirsiú.
Airteagal 19 1a.
Maidir le bainisteoirí amhail dá dtagraítear in Airteagal 2(2), beidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh agus ar leordhóthanacht na socruithe agus as eagrúchán bhainisteoir an chiste chaipitil fiontair cháilithigh, ionas go mbeidh an bainisteoir in ann na hoibleagáidí agus na rialacha a bhaineann le comhdhéanamh agus feidhmiú na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha ar fad atá á mbainistiú aige a chomhlíonadh.
Airteagal 19 1b.
Maidir le ciste fiontraíochta sóisialta cháilitheach arna bhainistiú ag bainisteoir amhail dá dtagraítear in Airteagal 2(2), beidh údarás inniúil an chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha a leagtar síos in Airteagal 5 agus in Airteagal 6 agus i bpointe (c) agus i bpointe (i) d’Airteagal 14(1) ag an gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach. Beidh údarás inniúil chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh freagrach freisin as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach i rialacha nó in ionstraimí corpraithe an chiste ag an gciste sin.
Airteagal 19 2.
I gcás ina mbeidh forais shoiléire agus inléirithe ag údarás inniúil an Bhallstáit aíochta chun a chreidiúint go bhfuil an bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach ag sárú an Rialacháin seo laistigh dá chríoch, cuirfidh sé in iúl go pras don údarás inniúil sa Bhallstát baile dá réir sin. Glacfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile bearta iomchuí.
Airteagal 19 3.
Más rud é go leanfaidh an bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach ag gníomhú ar shlí atá go soiléir ar neamhréir leis an Rialachán seo in ainneoin na bearta arna nglacadh ag údarás inniúil an Bhallstáit baile nó toisc go mainneoidh údarás inniúil an Bhallstáit baile gníomhú laistigh de thréimhse ama réasúnach, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit aíochta tar éis dó an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile a chur ar an eolas mar gheall air, gach beart iomchuí a ghlacadh chun infheisteoirí a chosaint, lena n-áirítear an bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a chosc ó aon mhargaíocht breise a dhéanamh ar a chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha laistigh de chríoch an Bhallstáit aíochta.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0346
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.