+Airteagal 22
---+Airteagal 22 1.
---+Airteagal 22 2.
---+Airteagal 22 3.
---+Airteagal 22 4.
---+Airteagal 22 5.
|
Airteagal 22
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 22 1.
|
Agus prionsabal na comhréireachta á urramú aige, déanfaidh údarás inniúil cáilitheach na bearta iomchuí dá dtagraítear i mír 2, de réir mar is infheidhme, i gcás ina ndéanann an bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach an méid seo a leanas:
▼B
(a)
má mhainníonn sé na ceanglais atá infheidhme maidir le comhdhéanamh na punainne a chomhlíonadh, de shárú ar Airteagal 5;
(b)
má dhéanann sé margú, de shárú ar Airteagal 6, ar aonaid agus ar scaireanna ciste fiontraíochta sóisialta cháilithigh le hinfheisteoirí neamh-incháilithe;
▼M1
(c)
má úsáideann sé an sonrúchán “EuSEF” ach nach bhfuil sé cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 15, sin nó mura bhfuil an ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 15a;
▼B
(d)
má úsáideann sé an sonrúchán “EuSEF” chun cistí a mhargú nach bhfuil bunaithe i gcomhréir le pointe (iii) de phointe (b) d’Airteagal 3(1);
▼M1
(e)
má tá clárú faighte aige trí bhíthin ráitis bhréagacha nó ar aon bhealach neamhrialta eile de shárú ar Airteagal 15 nó Airteagal 15a;
▼B
(f)
má mhainníonn na bainisteoirí gníomhú go macánta, go cothrom nó leis an scil chuí, an cúram cuí nó an dúthracht chuí, agus a ngnó á sheoladh acu de shárú ar phointe (a) d’Airteagal 7;
(g)
má mhainníonn na bainisteoirí beartais agus nósanna imeachta cuí a chur i bhfeidhm chun cosc a chur ar mhíchleachtais, de shárú ar phointe (b) d’Airteagal 7;
(h)
má mhainníonn na bainisteoirí arís agus arís eile na ceanglais faoi Airteagal 13 maidir leis an tuarascáil bhliantúil a chomhlíonadh;
(i)
má mhainníonn na bainisteoirí arís agus arís eile an oibleagáid a chomhlíonadh chun infheisteoirí a chur ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 14.
|
|
Airteagal 22 2.
|
Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an t-údarás inniúil, de réir mar is iomchuí:
(a)
bearta a ghlacadh chun a áirithiú go gcomhlíonann an bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach Airteagal 5 agus Airteagal 6, le pointe (a) agus le pointe (b) d’Airteagal 7 agus le hAirteagal 13 go hAirteagal 15a, de réir mar is infheidhme;
(b)
an bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a thoirmeasc ón sonrúchán “EuSEF” a úsáid, agus an bainisteoir sin, nó an ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach lena mbaineann, a bhaint den chlár.
|
|
Airteagal 22 3.
|
Cuirfidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 aon údarás inniúil ábhartha eile agus údaráis inniúla aon Bhallstát óstach i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 15(1), agus ÚEUM, ar an eolas gan mhoill faoi bhaint bainisteora um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach nó faoi bhaint ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach den chlár.
|
|
Airteagal 22 4.
|
Maidir leis an gceart ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach amháin nó níos mó a mhargú faoin sonrúchán “EuSEF” san Aontas, rachaidh sé in éag le héifeacht láithreach ó dháta chinneadh an údaráis inniúil dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2.
|
|
Airteagal 22 5.
|
Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile nó an Bhallstáit óstaigh, de réir mar is infheidhme, ÚEUM ar an eolas gan mhoill má tá foras soiléir agus inléirithe aige lena chreidiúint go bhfuil aon cheann de na sáruithe dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (i) de mhír 1 déanta ag an mbainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach. Féadfaidh ÚEUM, agus prionsabal na comhréireachta á urramú aige, moltaí a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a bheidh dírithe ar na húdaráis inniúla lena mbaineann maidir le haon cheann de na bearta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a dhéanamh, nó gan bearta den sórt sin a dhéanamh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0346
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|