|
+Airteagal 22 1. |
Airteagal 22 1.Agus prionsabal na comhréireachta á urramú aige, déanfaidh údarás inniúil cáilitheach na bearta iomchuí dá dtagraítear i mír 2, de réir mar is infheidhme, i gcás ina ndéanann an bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach an méid seo a leanas:
(a)
má mhainníonn sé na ceanglais atá infheidhme maidir le comhdhéanamh na punainne a chomhlíonadh, de shárú ar Airteagal 5;
(b)
má dhéanann sé margú, de shárú ar Airteagal 6, ar aonaid agus ar scaireanna ciste fiontraíochta sóisialta cháilithigh le hinfheisteoirí neamh-incháilithe;
(c)
má úsáideann sé an sonrúchán “EuSEF” ach nach bhfuil sé cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 15, sin nó mura bhfuil an ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 15a;
(d)
má úsáideann sé an sonrúchán “EuSEF” chun cistí a mhargú nach bhfuil bunaithe i gcomhréir le pointe (iii) de phointe (b) d’Airteagal 3(1);
(e)
má tá clárú faighte aige trí bhíthin ráitis bhréagacha nó ar aon bhealach neamhrialta eile de shárú ar Airteagal 15 nó Airteagal 15a;
(f)
má mhainníonn na bainisteoirí gníomhú go macánta, go cothrom nó leis an scil chuí, an cúram cuí nó an dúthracht chuí, agus a ngnó á sheoladh acu de shárú ar phointe (a) d’Airteagal 7;
(g)
má mhainníonn na bainisteoirí beartais agus nósanna imeachta cuí a chur i bhfeidhm chun cosc a chur ar mhíchleachtais, de shárú ar phointe (b) d’Airteagal 7;
(h)
má mhainníonn na bainisteoirí arís agus arís eile na ceanglais faoi Airteagal 13 maidir leis an tuarascáil bhliantúil a chomhlíonadh;
(i)
má mhainníonn na bainisteoirí arís agus arís eile an oibleagáid a chomhlíonadh chun infheisteoirí a chur ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 14. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|