|
+Airteagal 6 2. |
Airteagal 6 2.Déanfaidh gnóthais airgeadais a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo an t-iarratas ar chlárú TPPU a thíolacadh dá n-údaráis inniúla. Beidh an méid seo a leanas san iarratas:
(a)
téarmaí conartha caighdeánacha an chonartha TPPU, a bheidh le moladh do choigilteoirí TPPU, amhail dá dtagraítear in Airteagal 4;
(b)
faisnéis faoi chéannacht an iarratasóra;
(c)
faisnéis faoi shocruithe maidir le bainistiú agus riar punainne agus riosca a mhéid a bhaineann leis an TPPU, lena n-áirítear socruithe amhail dá dtagraítear in Airteagail 19(2), 42(5) agus 49(3);
(d)
liosta de na Ballstáit ina bhfuil sé beartaithe ag an soláthraí TPPUnna is iarratasóir an TPPU a mhargú, i gcás inarb infheidhme;
(e)
faisnéis faoi chéannacht na taisclainne, i gcás inarb infheidhme;
(f)
faisnéis bhunriachtanach TPPU amhail dá dtagraítear in Airteagal 26;
(g)
liosta de na Ballstáit ar ina leith a bheidh an soláthraí TPPUnna is iarratasóir in ann oscailt láithreach fochuntais a áirithiú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|