+Airteagal 16 Cumhachtaí údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh
---+Airteagal 16 1.
---+Airteagal 16 2.
---+Airteagal 16 3.
---+Airteagal 16 4.
---+Airteagal 16 5.
|
Airteagal 16 Cumhachtaí údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 16 1.
|
I gcás ina mbeidh cúis ag údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh lena cheapadh go ndáiltear TPPU laistigh dá chríoch nó gur osclaíodh fochuntas don Bhallstát sin de shárú ar aon oibleagáidí a eascraíonn as na rialacha is infheidhme, amhail dá dtagraítear in Airteagal 3, déanfaidh siad a dtátail a tharchur chuig údaráis inniúla Bhallstát baile an tsoláthraí TPPUnna nó an dáileora TPPUnna.
|
|
Airteagal 16 2.
|
Tar éis measúnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a bheidh faighte de bhun mhír 1, i gcás inarb infheidhme, déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile bearta iomchuí gan mhoill chun an staid a leigheas. Cuirfidh siad údaráis inniúla an Bhallstáit baile ar an eolas faoi aon bhearta den sórt sin.
|
|
Airteagal 16 3.
|
I gcás, d’ainneoin na mbeart a bheidh glactha ag údaráis inniúla an Bhallstáit baile nó mar gheall ar na bearta sin a bheith neamhleor nó ar díth, agus ina leanfaidh an soláthraí TPPUnna nó an dáileoir TPPUnna de bheith ag dáileadh an TPPU ar bhealach ar léir é a bheith díobhálach do leasanna choigilteoirí TPPU an Bhallstáit óstaigh nó d’fheidhmiú ordúil an mhargaidh i gcomhair táirgí pinsin phearsanta sa Bhallstát sin, féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh, tar éis údaráis inniúla an Bhallstáit baile a chur ar an eolas, bearta iomchuí a dhéanamh chun tuilleadh neamhrialtachtaí a chosc, lena n-áirítear, a mhéid a bheidh fíorghá leis, cosc a chur ar an soláthraí TPPUnna nó ar an dáileoir TPPUnna leanúint de TPPUnna a dháileadh laistigh dá gcríoch. Sa bhreis air sin, féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile nó údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh an t-ábhar a tharchur chuig ÚEÁPC agus cúnamh a iarraidh air i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.
|
|
Airteagal 16 4.
|
Ní dhéanfaidh mír 1 go mír 3 difear do chumhacht an Bhallstáit óstaigh bearta iomchuí agus neamh-idirdhealaitheacha a dhéanamh chun neamhrialtachtaí arna ndéanamh laistigh dá chríoch a chosc nó a phionósú, i gcásanna ina bhfuil sé fíor-riachtanach gníomhú láithreach chun cearta na dtomhaltóirí sa Bhallstát óstach a chosaint, agus i gcás ina bhfuil bearta coibhéiseacha an Bhallstáit baile neamhleor nó ar díth, nó i gcásanna ina bhfuil na neamhrialtachtaí contrártha d’fhorálacha náisiúnta dlí lena gcosnaítear an leas coiteann, a mhéid is fíorghá sin. Sna cásanna sin, beidh an fhéidearthacht ag na Ballstáit óstaigh cosc a chur ar an soláthraí TPPUnna nó ar an dáileoir TPPUnna gnó nua a sheoladh laistigh dá gcríoch.
|
|
Airteagal 16 5.
|
Aon bheart a ghlacfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh faoin Airteagal seo, cuirfear in iúl é don soláthraí TPPUnna nó don dáileoir TPPUnna i ndoiciméad dea-réasúnaithe agus tabharfar fógra faoi d’údaráis inniúla an Bhallstáit baile gan moill mhíchuí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R1238
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|