+Airteagal 20 Fochuntas nua a oscailt
---+Airteagal 20 1.
---+Airteagal 20 2.
---+Airteagal 20 3.
---+Airteagal 20 4.
---+Airteagal 20 5.
---+Airteagal 20 6.
|
Airteagal 20 Fochuntas nua a oscailt
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 20 1.
|
Gan mhoill tar éis é a bheith curtha ar an eolas go bhfuil áit chónaithe an choigilteora TPPU aistrithe ag an gcoigilteoir TPPU chuig Ballstát eile, cuirfidh an soláthraí TPPU an coigilteoir TPPU ar an eolas faoin bhféidearthacht fochuntas nua a oscailt laistigh de chuntas TPPU an choigilteora TPPU agus faoin gcreat ama ar laistigh de a d’fhéadfaí an fochuntas sin a oscailt. Sa chás sin, déanfaidh an soláthraí TPPUnna an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a sholáthar saor in aisce don choigilteoir TPPU, ina mbeidh na ceanglais shonracha dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 28(3) maidir leis an bhfochuntas a chomhfhreagraíonn do Bhallstát cónaithe nua an choigilteora TPPU. I gcás nach mbeidh fochuntas nua ar fáil, cuirfidh an soláthraí TPPUnna an coigilteoir TPPU ar an eolas faoin gceart soláthraithe a mhalartú gan mhoill agus saor in aisce, agus faoin bhféidearthacht leanúint de bheith ag coigilt san fhochuntas is deireanaí a osclaíodh.
|
|
Airteagal 20 2.
|
Má bhíonn rún ag an gcoigilteoir TPPU leas a bhaint as an bhféidearthacht fochuntas nua a oscailt, cuirfidh an coigilteoir TPPU an soláthraí TPPUnna ar an eolas faoin méid seo a leanas:
(a)
Ballstát cónaithe nua an choigilteora TPPU;
(b)
an dáta óna ndéanfar na ranníocaíochtaí a dhíriú chuig an bhfochuntas nua;
(c)
aon fhaisnéis ábhartha maidir le coinníollacha eile don TPPU.
|
|
Airteagal 20 3.
|
Féadfaidh an coigilteoir TPPU leanúint de bheith ag ranníoc leis an bhfochuntas is deireanaí a osclaíodh.
|
|
Airteagal 20 4.
|
Tairgfidh an soláthraí TPPUnna moladh pearsantaithe a sholáthar don choigilteoir TPPU ina míneofar arbh fhabhraí fochuntas nua a oscailt laistigh de chuntas TPPU an choigilteora TPPU agus ranníocaíochtaí a dhéanamh leis an bhfochuntas nua ná leanúint de bheith ag ranníoc leis an bhfochuntas is deireanaí a osclaíodh.
|
|
Airteagal 20 5.
|
I gcás nach mbeidh an soláthraí TPPUnna in ann a áirithiú go n-osclófar fochuntas nua a chomhfhreagróidh do Bhallstát Cónaithe nua an choigilteora TPPU, beidh an coigilteoir TPPU in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
soláthraí TPPUnna a mhalartú gan mhoill agus saor in aisce d’ainneoin cheanglais Airteagal 52(3) maidir lena mhinice is féidir malartú; nó
(b)
leanúint de bheith ag ranníoc leis an bhfochuntas is deireanaí a osclaíodh.
|
|
Airteagal 20 6.
|
Osclófar an fochuntas nua tríd an gconradh TPPU atá ann cheana idir an coigilteoir TPPU agus an soláthraí TPPUnna a leasú, i gcomhréir leis an dlí conarthach is infheidhme. Déanfar dáta na hoscailte a shainiú sa chonradh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R1238
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|