|
+Airteagal 23 1. |
Airteagal 23 1.I gcás dáileadh TPPUnna, déanfaidh na cineálacha éagsúla soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna na rialacha seo a leanas a chomhlíonadh:
(a)
gnóthais árachais amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 6(1) den Rialachán seo agus idirghabhálaithe árachais amhail dá dtagraítear in Airteagal 10(2) den Rialachán seo, comhlíonfaidh siad an dlí náisiúnta is infheidhme lena dtugtar éifeacht do na rialacha a leagtar amach i gCaibidil V agus i gCaibidil VI de Threoir (AE) 2016/97, cé is moite d’Airteagail 20, 23, 25 agus Airteagal 30(3) den Treoir sin, maidir le táirgí infheistíochta árachas-bhunaithe a dháileadh, aon dlí de chuid an Aontais is infheidhme go díreach arna glacadh faoi na rialacha sin i ndáil le dáileadh na dtáirgí sin agus an Rialachán seo, cé is moite d’Airteagal 34(4);
(b)
gnólachtaí infheistíochta amhail dá dtagraítear in Airteagal 10(2) den Rialachán seo, comhlíonfaidh siad an dlí náisiúnta is infheidhme lena dtugtar éifeacht do na rialacha maidir le margú agus dáileadh ionstraimí airgeadais a leagtar amach sa chéad fhomhír d’Airteagal 16(3) agus in Airteagail 23, 24 agus 25 de Threoir 2014/65/AE, cé is moite d’Airteagal 24(2) agus Airteagal 25(3) agus (4) den Treoir sin, aon dlí de chuid an Aontais is infheidhme go díreach arna ghlacadh faoi na forálacha sin, agus an Rialacháin seo, cé is moite d’Airteagal 34(4);
(c)
comhlíonfaidh gach soláthraí TPPUnna agus dáileoir TPPUnna eile an dlí náisiúnta is infheidhme lena dtugtar éifeacht do na rialacha maidir le margú agus dáileadh ionstraimí airgeadais a leagtar amach sa chéad fhomhír d’Airteagal 16(3) agus in Airteagail 23, 24 agus 35 de Threoir 2014/65/AE, cé is moite d’Airteagal 24(2) agus Airteagal 25(2), (3) agus (4) den Treoir sin, aon dlí de chuid an Aontais is infheidhme go díreach arna glacadh faoi na forálacha sin agus an Rialachán seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|