|
+Airteagal 24 Dáileadh leictreonach agus meáin mharthanacha eile |
Airteagal 24 Dáileadh leictreonach agus meáin mharthanacha eileAirteagal 24 Dáileadh leictreonach agus meáin mharthanacha eile Déanfaidh soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna na doiciméid agus an fhaisnéis uile faoin gCaibidil seo a sholáthar go leictreonach agus saor in aisce do chustaiméirí TPPU, ar choinníoll go mbeidh an custaiméir in ann an fhaisnéis sin a stóráil ar bhealach inrochtana lena húsáid amach anseo agus go ceann tréimhse ama is leormhaith chun críocha na faisnéise agus gur féidir an fhaisnéis a stórálfar a atáirgeadh leis an uirlis, gan an fhaisnéis sin a athrú. Arna iarraidh sin, déanfaidh soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna na doiciméid agus an fhaisnéis sin a sholáthar saor in aisce ar mheán marthanach eile freisin, lena n-áirítear páipéar. Cuirfidh soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna custaiméirí TPPU ar an eolas faoin gceart atá acu a iarraidh go soláthrófaí cóip de na cáipéisí sin ar mheán marthanach eile, lena n-áirítear páipéar, saor in aisce. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|