|
Déanfaidh soláthraithe TPPUnna próiseas a chothabháil, a fheidhmiú agus a athbhreithniú chun gach TPPU a fhormheas, nó chun oiriúnuithe suntasacha a dhéanamh do TPPU atá ann cheana, sula ndéanfar é a dháileadh ar chustaiméirí TPPU. Beidh an próiseas chun táirge a fhormheas comhréireach agus comhoiriúnach le cineál an TPPU. Leis an bpróiseas chun táirge a fhormheas sonrófar spriocmhargadh aitheanta do gach TPPU, áiritheofar go ndéanfar measúnú ar na rioscaí ábhartha uile ar an spriocmhargadh aitheanta sin agus go mbeidh an straitéis dáilte a bheartófar comhsheasmhach leis an spriocmhargadh aitheanta, agus déanfar bearta réasúnacha lena áirithiú go ndéanfar an TPPU a dháileadh ar an spriocmhargadh sainaitheanta. Tuigfidh an soláthraí TPPUnna na TPPUnna a sholáthróidh sé agus déanfaidh sé iad a athbhreithniú go rialta, agus aon teagmhas a d’fhéadfadh difear ábharach a dhéanamh don riosca ionchasach ar an spriocmhargadh sainaitheanta á chur san áireamh, chun a mheasúnú ar a laghad an leanfaidh na TPPUnna de bheith comhsheasmhach le riachtanais an spriocmhargaidh shainaitheanta agus an leanfaidh an straitéis dáilte a bheartófar de bheith iomchuí. Cuirfidh soláthraithe TPPUnna an fhaisnéis go léir is iomchuí faoin TPPU ar fáil do dháileoirí TPPUnna agus faoin bpróiseas chun táirge a fhormheas, lena n-áirítear spriocmhargadh sainaitheanta an TPPU. Déanfaidh dáileoirí TPPUnna socruithe leordhóthanacha a chur i bhfeidhm chun an fhaisnéis a fháil dá dtagraítear i bhfomhír 5 agus chun tréithe agus spriocmhargadh sainaitheanta gach TPPU a thuiscint.
|