+Airteagal 45 An TPPU Bunúsach
---+Airteagal 45 1.
---+Airteagal 45 2.
---+Airteagal 45 3.
---+Airteagal 45 4.
|
Airteagal 45 An TPPU Bunúsach
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 45 1.
|
Is táirge sábháilte a bheidh sa TPPU bunúsach, arb ionann é agus an rogha infheistíochta réamhshocraithe. Déanfaidh soláthraithe TPPUnna é a cheapadh ar bhonn ráthaíocht ar an gcaipiteal a bheidh dlite ag tús chéim an dícharntha agus le linn chéim an dícharntha, i gcás inarb infheidhme, nó ar bhonn teicníc maolaithe riosca a bheidh comhsheasmhach leis an gcuspóir i dtaca le ceadú don choigilteoir TPPU an caipiteal a fhorchúiteamh.
|
|
Airteagal 45 2.
|
Ní rachaidh na costais agus na táillí don TPPU Bunúsach thar 1 % den chaipiteal carntha in aghaidh na bliana.
|
|
Airteagal 45 3.
|
Chun cothrom iomaíochta a áirithiú idir soláthraithe TPPUnna éagsúla agus cineálacha éagsúla TPPUnna, déanfaidh ÚEÁPC dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na cineálacha costas agus táillí dá dtagraítear i mír 2, tar éis dó dul i gcomhairle leis na ÚMEnna eile i gcás inarb infheidhme. Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála á bhforbairt aige, déanfaidh ÚEÁPC cineálacha féideartha éagsúla TPPUnna, cineál scoir fhadtéarmaigh an TPPU agus gnéithe éagsúla féideartha na TPPUnna a chur san áireamh, go háirithe eisíocaíochtaí a dhéanfar i bhfoirm blianachtaí fadtéarmacha nó íostarraingtí bliantúla go dtí go mbeidh an aois ar a laghad ag an gcoigilteoir TPPU a fhreagraíonn do mheánionchas saoil an choigilteora TPPU. Déanfaidh ÚEÁPC measúnú freisin ar chineál ar leith na cosanta caipitil ag féachaint go sonrach don ráthaíocht chaipitil. Déanfaidh ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a thíolacadh don Choimisiún faoin 15 Lúnasa 2020. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.
|
|
Airteagal 45 4.
|
Gach 2 bhliain ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEÁPC agus, i gcás inarb infheidhme, leis na ÚMEnna eile, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar leormhaitheas an luacha céatadáin dá dtagraítear i mír 2. Déanfaidh an Coimisiún, go háirithe, leibhéal iarbhír agus athruithe ar leibhéal iarbhír na gcostas agus na dtáillí, agus an tionchar ar infhaighteacht na TPPUnna a chur san áireamh. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 72 chun an luach céatadáin dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a leasú i bhfianaise a chuid athbhreithnithe d’fhonn rochtain iomchuí ar an margadh a cheadú do sholáthraithe TPPUnna.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R1238
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|