|
+Airteagal 53 4. |
Airteagal 53 4.A luaithe a bheidh iarraidh ón soláthraí TPPUnna is faighteoir faighte aige, déanfaidh an soláthraí TPPUnna aistritheach an méid seo a leanas:
(a)
laistigh de 5 lá oibre, an Ráiteas Sochair TPPU don tréimhse ó dháta an Ráitis Sochair TPPU deiridh arna tharraingt suas go dtí dáta na hiarrata a sheoladh chuig an gcoigilteoir TPPU agus chuig an soláthraí TPPUnna is faighteoir;
(b)
laistigh de 5 lá oibre, liosta de na sócmhainní atá ann cheana atá á n-aistriú i gcás aistriú sócmhainní comhchineáil amhail dá dtagraítear in Airteagal 52(4) a sheoladh chuig an soláthraí TPPUnna is faighteoir;
(c)
scor de ghlacadh le híocaíochtaí isteach ar an gcuntas TPPU le héifeacht ón dáta a bheidh sonraithe ag an gcoigilteoir TPPU san iarraidh dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2;
(d)
na méideanna comhfhreagracha, nó i gcás inarb infheidhme, na sócmhainní comhchineáil a aistriú i gcomhréir le hAirteagal 52(4), ón gcuntas TPPU chuig an gcuntas TPPU nua a osclófar leis an soláthraí TPPUnna is faighteoir ar an dáta arna shonrú ag an gcoigilteoir TPPU san iarraidh;
(e)
an cuntas TPPU a dhúnadh ar an dáta a bheidh sonraithe ag an gcoigilteoir TPPU mura mbeidh aon oibleagáidí gan chomhlíonadh ag an gcoigilteoir TPPU. Déanfaidh an soláthraí TPPUnna aistritheach an coigilteoir TPPU a chur ar an eolas láithreach i gcás ina gcuirfidh oibleagáidí gan chomhlíonadh den sórt sin cosc ar dhúnadh chuntas an choigilteora TPPU. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|