|
+Airteagal 56 1. |
Airteagal 56 1.Déanfaidh soláthraithe TPPUnna an fhaisnéis seo a leanas faoin tseirbhís malartaithe a thabhairt do choigilteoirí TPPU chun go mbeidh an coigilteoir TPPU in ann cinneadh eolasach a dhéanamh:
(a)
ról an tsoláthraí aistrithigh agus ról an tsoláthraí is faighteoir maidir le gach céim den phróiseas malartaithe, mar a léirítear in Airteagal 53;
(b)
an tréimhse ama faoina dtabharfar na céimeanna faoi seach chun críche;
(c)
na táillí agus na muirir a ghearrfar ar an bpróiseas malartaithe;
(d)
na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an malartú, go háirithe na himpleachtaí ar an gcosaint chaipitil nó ar an ráthaíocht, agus faisnéis eile a bhaineann leis an tseirbhís malartaithe;
(e)
faisnéis faoin bhféidearthacht i dtaobh aistriú sócmhainní comhchineáil, más infheidhme. Déanfaidh an soláthraí TPPUnna is faighteoir ceanglais Chaibidil IV a chomhlíonadh. Déanfaidh an soláthraí TPPUnna is faighteoir, i gcás inarb infheidhme, an coigilteoir TPPU a chur ar an eolas maidir le haon scéim ráthaíochta a bheith ann, lena n-áirítear scéim ráthaíochta taisce, scéim cúitimh d’infheisteoirí nó scéim ráthaíochta árachais, lena gcumhdaítear an coigilteoir TPPU sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|