|
+Airteagal 63 1. |
Airteagal 63 1.Féadfaidh údaráis inniúla margú nó dáileadh TPPU ina Bhallstát nó óna Bhallstát a thoirmeasc nó a shrianadh faoi na coinníollacha seo a leanas:
(a)
tá na húdaráis inniúla sásta go bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint go dtiocfadh ábhair imní shuntasacha nó athdhearbhaithe maidir le cosaint coigilteoirí as an TPPU nó go bhfuil riosca ag baint leis d’fheidhmiú rianúil agus do shláine margaí airgeadais nó do chobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine nó i bpáirt laistigh de Bhallstát amháin ar a laghad;
(b)
tá an ghníomhaíocht comhréireach, ag cur san áireamh cineál na rioscaí arna sainaithint, leibhéal sofaisticiúlachta na gcoigilteoirí TPPU lena mbaineann agus an éifeacht is dócha a bheidh ag an ngníomhaíocht ar choigilteoirí TPPU a bhfuil conradh TPPU tugtha i gcrích acu;
(c)
tá na húdaráis inniúla tar éis dul i gcomhairle go cuí le húdaráis inniúla i mBallstáit eile a bhféadfaidh an ghníomhaíocht difear suntasach a dhéanamh dóibh; agus
(d)
níl tionchar idirdhealaitheach ag an ngníomhaíocht ar sheirbhísí ná ar ghníomhaíochtaí a sholáthraítear ó Bhallstát eile. I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, féadfaidh údaráis inniúla an toirmeasc nó an srian a fhorchur ar bhonn réamhchúraim sula ndéanfar TPPU a mhargú nó a dháileadh do choigilteoirí TPPU. Féadfaidh feidhm a bheith ag toirmeasc nó srian i dtosca, nó a bheith faoi réir eisceachtaí, a bheidh sonraithe ag na húdaráis inniúla. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|