|
+Airteagal 65 9. |
Airteagal 65 9.Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 72 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le critéir agus tosca a bheidh le cur i bhfeidhm ag ÚEÁPC agus cinneadh á dhéanamh aige an bhfuil ábhar imní suntasach ann maidir le cosaint do choigilteoirí TPPU, lena n-áirítear maidir le cineál scoir fhadtéarmaigh an táirge, nó bagairt ar fheidhmiú rianúil agus ar shláine na margaí airgeadais nó ar chobhsaíocht chuid den chóras airgeadais nó an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 3 den Airteagal seo. Áireofar ar na critéir agus na tosca sin:
(a)
leibhéal castachta an TPPU agus an gaol le cineál an choigilteora TPPU dá ndéanfar é a mhargú nó lena ndíolfar é;
(b)
leibhéal nuálaíochta TPPU, gníomhaíochta nó cleachtais;
(c)
an luamhánú a sholáthrófar le TPPU nó le cleachtas;
(d)
i ndáil le feidhmiú rianúil agus sláine na margaí airgeadais, méid nó suim iomlán chaipitil charntha an TPPU. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|