|
+Airteagal 73 2. |
Airteagal 73 2.Sa Tuarascáil, cumhdófar na nithe seo a leanas go háirithe:
(a)
feidhmiú an nós imeachta maidir le TPPUnna a chlárú i gcomhréir le Caibidil II;
(b)
►C1 iniomparthacht, go háirithe maidir leis na fochuntais ◄ a bheidh ar fáil do choigilteoirí TPPU agus an fhéidearthacht go leanfadh an coigilteoir de ranníocaíochtaí a dhéanamh leis an bhfochuntas deireanach arna oscailt i gcomhréir le hAirteagal 20(3) agus (4);
(c)
comhpháirtíochtaí a fhorbairt;
(d)
feidhmiú na seirbhíse malartaithe agus leibhéal na dtáillí agus na muirear;
(e)
a mhéid a rachaidh an TPPU i bhfód ar an margadh agus an éifeacht a bheidh ag an Rialachán seo ar sholáthar pinsin ar fud na hEorpa, lena n-áirítear táirgí atá ann cheana a ionadú agus glacadh leis an TPPU Bunúsach;
(f)
an nós imeachta gearán;
(g)
comhtháthú thosca ESG i mbeartas infheistíochta TPPU;
(h)
leibhéal na dtáillí, na muirear agus na gcostas a iompraíonn coigilteoirí TPPU go díreach nó go hindíreach, lena n-áirítear measúnú ar chliseadh sa mhargadh a d’fhéadfadh a bheith ann;
(i)
comhlíonadh an Rialacháin seo agus na gcaighdeán a shocraítear leis an dlí earnálach is infheidhme ag soláthraithe TPPUnna;
(j)
cur i bhfeidhm teicnící éagsúla maolaithe riosca arna n-úsáid ag na soláthraithe TPPUnna;
(k)
TPPU a sholáthar faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus faoin tsaoirse bhunaíochta;
(l)
fiúntas a bheith ag baint le faisnéis a nochtadh do choigilteoirí TPPU ionchasacha faoi fheidhmíocht an táirge roimhe sin, ag cur san áireamh an fhaisnéis faoi na cásanna feidhmíochta a áireofar sa TPPU;
(m)
an chomhairle a thugtar do choigilteoirí TPPU a bheith leormhaith, go háirithe maidir le cineálacha féideartha eisíocaíochtaí. Leis an measúnú dá dtagraítear i bpointe (e) den chéad fhomhír seo, cuirfear san áireamh cúiseanna gan fochuntais a oscailt i mBallstáit áirithe agus déanfar measúnú ar an dul chun cinn agus ar an iarracht atá déanta ag soláthraithe TPPUnna maidir le réitigh theicniúla a fhorbairt le haghaidh fochuntais a oscailt. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|