2. Maidir leis na heintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 3, pointí (3)(a), (b), (d), (e), (f) agus (h) go (o), de Rialachán (AE) 2024/1624, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh maoirseoirí na bearta is gá chun cosc a chur ar dhaoine a chiontaítear i sciúradh airgid, a chionta preideacáide ábhartha nó maoiniú na sceimhlitheoireachta nó ar a gcomhpháirtithe óna bheith creidiúnaithe go gairmiúil, ó fheidhm bainistíochta sinsearaí a bheith acu sna heintitis faoi oibleagáid sin nó óna bheith ina n-úinéirí tairbhiúla orthu.