+Airteagal 6 Seiceálacha ar bhainistíocht shinsearach agus ar úinéirí tairbhiúla eintiteas áirithe faoi oibleagáid
---+Airteagal 6 1
---+Airteagal 6 2
---+Airteagal 6 3
---+Airteagal 6 4
---+Airteagal 6 5
---+Airteagal 6 6
---+Airteagal 6 7
---+Airteagal 6 8
---+Airteagal 6 9
|
Airteagal 6 Seiceálacha ar bhainistíocht shinsearach agus ar úinéirí tairbhiúla eintiteas áirithe faoi oibleagáid
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 6 1
|
1. Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar mhaoirseoirí a fhíorú go mbeidh dea-cháil ar chomhaltaí na bainistíochta sinsearaí sna heintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus (2) chomh maith le cuideachtaí sealbhaíochta gníomhaíochta airgeadais measctha agus ar úinéirí tairbhiúla na n-eintiteas sin agus go ngníomhóidh siad ar bhonn macánta ionraic. Beidh an t-eolas agus an saineolas is gá ag bainistíocht shinsearach na n-eintiteas sin chun a bhfeidhmeanna a chur i gcrích.
|
|
Airteagal 6 2
|
2. Maidir leis na heintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 3, pointí (3)(a), (b), (d), (e), (f) agus (h) go (o), de Rialachán (AE) 2024/1624, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh maoirseoirí na bearta is gá chun cosc a chur ar dhaoine a chiontaítear i sciúradh airgid, a chionta preideacáide ábhartha nó maoiniú na sceimhlitheoireachta nó ar a gcomhpháirtithe óna bheith creidiúnaithe go gairmiúil, ó fheidhm bainistíochta sinsearaí a bheith acu sna heintitis faoi oibleagáid sin nó óna bheith ina n-úinéirí tairbhiúla orthu.
|
|
Airteagal 6 3
|
3. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfíoróidh maoirseoirí ar bhonn riosca-íogair an bhfuil ceanglais mhíreanna 1 agus 2 á gcomhlíonadh i gcónaí. Go háirithe, fíoróidh siad an bhfuil dea-cháil ar bhainistíocht shinsearach na n-eintiteas faoi oibleagáid dá dtagraítear i mír 1, agus an ngníomhaíonn sí le macántacht agus ionracas agus an bhfuil an t-eolas agus an saineolas is gá aici chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh i gcásanna ina bhfuil forais réasúnacha amhrais ann go bhfuil sciúradh airgid nó maoiniú na sceimhlitheoireachta á dhéanamh, nó go ndearnadh é nó go ndearnadh iarracht é a dhéanamh, nó go bhfuil riosca méadaithe ina leith in eintiteas faoi oibleagáid.
|
|
Airteagal 6 4
|
4. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de chumhacht ag maoirseoirí a iarraidh go mbainfear aon duine a chiontaítear i sciúradh airgid, ina chionta preideacáide ábhartha nó i maoiniú na sceimhlitheoireachta ó bhainistíocht shinsearach na n-eintiteas faoi oibleagáid dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de chumhacht ag maoirseoirí comhaltaí bhainistíocht shinsearach na n-eintiteas faoi oibleagáid dá dtagraítear i mír 1 a bhaint nó toirmeasc sealadach a fhorchur orthu, ar comhaltaí iad nach meastar dea-cháil a bheith orthu a bheith ag gníomhú le macántacht agus ionracas, ná a bhfuil an t-eolas agus an saineolas is gá acu chun a bhfeidhmeanna a chur i gcrích.
|
|
Airteagal 6 5
|
5. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de chumhacht ag maoirseoirí daoine a chiontaítear i sciúradh airgid, ina chionta preideacáide ábhartha nó i maoiniú na sceimhlitheoireachta, atá ina n-úinéirí tairbhiúla ar eintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, a dhícheangal ó eintitis faoi oibleagáid, lena n-áirítear tríd an gcumhacht a dheonú do mhaoirseoirí an sealúchas a dhífheistiú ag na húinéirí tairbhiúla sin in eintitis faoi oibleagáid.
|
|
Airteagal 6 6
|
6. Chun críocha an Airteagail seo, áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, go ndéanfaidh maoirseoirí nó aon údarás eile atá inniúil ar an leibhéal náisiúnta chun measúnú a dhéanamh ar na ceanglais is infheidhme maidir le daoine dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, go seiceálfaidh siad an bunachar sonraí lárnach AML/CFT faoi Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2024/1620 agus an ann do chiontú ábhartha i dtaifead coiriúil an duine lena mbaineann. Déanfar aon mhalartú faisnéise chun na críocha sin a chur i gcrích i gcomhréir le Cinneadh Réime 2009/315/CGB agus le Cinneadh 2009/316/CGB mar a chuirtear chun feidhme sa dlí náisiúnta.
|
|
Airteagal 6 7
|
7. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cinntí a dhéanfaidh maoirseoirí de bhun an Airteagail seo faoi réir nósanna imeachta éifeachtacha leighis, lena n-áirítear leigheas breithiúnach.
|
|
Airteagal 6 8
|
8. Faoin 10 Iúil 2029, eiseoidh AMLA treoirlínte maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a)
|
critéir chun dea-cháil, macántacht agus ionracas dá dtagraítear i mír 1 a mheasúnú;
|
|
(b)
|
critéir chun eolas agus saineolas dá dtagraítear i mír 1 a mheasúnú;
|
|
(c)
|
an chumhacht a chuirtear ar iontaoibh orthu faoin Airteagal seo a bheith á cur i bhfeidhm go comhsheasmhach ag maoirseoirí.
|
Agus na treoirlínte dá dtagraítear sa chéad fhomhír á dtarraingt suas, cuirfidh AMLA sainiúlachtaí gach earnála ina n-oibríonn na heintitis faoi oibleagáid san áireamh.
|
|
Airteagal 6 9
|
9. Cuirfidh na Ballstáit an tAirteagal seo i bhfeidhm i ndáil leis na heintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 3, pointí 3(n) agus (o) de Rialachán (AE) 2024/1624 ón 10 Iúil 2029.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 19.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1640
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|