3. Áiritheoidh na Ballstáit, chun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh mar a leagtar síos sa Treoir seo iad, go rachaidh FIUnna i gcomhar le chéile an méid is mó is féidir i gcur i bhfeidhm teicneolaíochtaí úrscothacha i gcomhréir lena ndlí náisiúnta.
Áiritheoidh na Ballstáit freisin go rachaidh FIUnna i gcomhar le chéile a mhéid is mó is féidir i gcur i bhfeidhm réiteach arna bhforbairt agus arna mbainistiú ag AMLA i gcomhréir le hAirteagal 5(5), pointe (i), Airteagal 45(1), pointe (d), agus Airteagal 47 de Rialachán (AE) 2024/1620.