3. Féadfar foireann anailíse comhpháirtí a bhunú sna cásanna seo a leanas:
|
(a)
|
teastaíonn anailísí deacra dúshlánacha a bhfuil naisc acu le Ballstáit eile le haghaidh anailísí oibríochtúla FIU;
|
|
(b)
|
tá roinnt FIUnna ag déanamh anailísí oibríochtúla ina dtugann imthosca an cháis údar le gníomhaíocht, chomhbheartaithe sna Ballstáit lena mbaineann.
|
Féadfaidh aon cheann de na FIUnna lena mbaineann nó AMLA a iarraidh go mbunófaí foireann anailíse comhpháirtí de bhun Airteagal 44 de Rialachán (AE) 2024/1620.