+Airteagal 32 Anailísí comhpháirteacha
---+Airteagal 32 1
---+Airteagal 32 2
---+Airteagal 32 3
---+Airteagal 32 4
---+Airteagal 32 5
---+Airteagal 32 6
|
Airteagal 32 Anailísí comhpháirteacha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 32 1
|
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh a FIUnna in ann anailísí comhpháirteacha a dhéanamh ar idirbhearta agus gníomhaíochtaí amhrasacha.
|
|
Airteagal 32 2
|
2. Chun críoch mhír 1 den Airteagal seo, le cúnamh ó AMLA i gcomhréir le hAirteagal 40 de Rialachán (AE) 2024/1620, déanfaidh na FIUnna ábhartha foireann anailíse comhpháirtí a bhunú chun críche sonraí agus ar feadh tréimhse theoranta, tréimhse a bhféadfar síneadh a chur léi de chomhthoil, chun anailísí oibríochtúla a dhéanamh ar idirbhearta nó ar ghníomhaíochtaí amhrasacha a mbeidh baint ag ceann amháin nó níos mó de na FIUnna atá ag cur na foirne ar bun leo.
|
|
Airteagal 32 3
|
3. Féadfar foireann anailíse comhpháirtí a bhunú sna cásanna seo a leanas:
|
(a)
|
teastaíonn anailísí deacra dúshlánacha a bhfuil naisc acu le Ballstáit eile le haghaidh anailísí oibríochtúla FIU;
|
|
(b)
|
tá roinnt FIUnna ag déanamh anailísí oibríochtúla ina dtugann imthosca an cháis údar le gníomhaíocht, chomhbheartaithe sna Ballstáit lena mbaineann.
|
Féadfaidh aon cheann de na FIUnna lena mbaineann nó AMLA a iarraidh go mbunófaí foireann anailíse comhpháirtí de bhun Airteagal 44 de Rialachán (AE) 2024/1620.
|
|
Airteagal 32 4
|
4. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an ball foirne dá FIU a leithdháiltear ar an bhfoireann anailíse comhpháirtí in ann, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme agus laistigh de theorainneacha inniúlacht an bhaill foirne, an fhaisnéis atá ar fáil dá FIU a sholáthar don fhoireann chun críoch na hanailíse atá le déanamh ag an bhfoireann.
|
|
Airteagal 32 5
|
5. I gcás ina mbíonn cúnamh ag teastáil ón bhfoireann anailíse comhpháirtí ó FIU seachas na FIUnna sin atá ina gcuid den fhoireann, féadfaidh sé iarraidh ar an FIU eile sin:
|
(a)
|
bheith páirteach san fhoireann anailíse comhpháirtí;
|
|
(b)
|
eolas agus faisnéis airgeadais a chur faoi bhráid na foirne anailíse comhpháirtí.
|
|
|
Airteagal 32 6
|
6. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh FIUnna in ann cuireadh a thabhairt do thríú páirtithe, lena n-áirítear i gcás inarb ábhartha comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, páirt a ghlacadh sna hanailísí comhpháirteacha chun críocha na n-anailísí comhpháirteacha agus i gcás ina dtagann an rannpháirtíocht sin faoi réim shainorduithe na dtríú páirtithe sin faoi seach.
Áiritheoidh na Ballstáit go gcinnfidh na FIUnna atá rannpháirteach sna hanailísí comhpháirteacha na coinníollacha a bhfuil feidhm acu maidir le rannpháirtíocht tríú páirtithe agus go gcuirfidh siad bearta ar bun lena ráthaítear rúndacht agus slándáil na faisnéise arna malartú. Áiritheoidh na Ballstáit nach n-úsáidfear an fhaisnéis a mhalartófar ach amháin chun na gcríoch ar chucu a bunaíodh an anailís chomhpháirteach sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 19.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1640
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|